A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 29
ṫug ’ná ɼug ſé aiɼ aguſ ċuiɼ ſé téad fé n-a
ṁuineál aguſ ċɼoċ ſé a’ géig cɼainn é.
Ṫáinig na h-aoḋaiɼí eile aguſ ċonacadaɼ,
daɼ leo, an ċaoɼa aɼ cɼoċaḋ. “ Aililíú ! ”
aɼ ſiad, “ Cad dob áil leat ag cɼoċaḋ na
gcaoɼaċ ? ”
Ní caoɼa ata ann, aɼ ſeiſean. Aguſ
do ḃain ſé cɼoicean na caoɼaċ de ċeann an
ṁaċtíɼe. “ Sin é agaiḃ é ! ”aɼ ſeiſean. “ An
biṫeaṁnaċ ! ”
An Múine :
“ Ná taḃaiɼ do ḃɼeiṫ aɼ an gcéad ſgéal
go mbeiɼiḋ an daɼa ſgéal oɼt.”
B’ ḟéidiɼ go mbeaḋ cɼoicean caoɼaċ aɼ
ɼud aguſ náɼ ċaoɼa é ’n-a ṫaoḃ ſan.
Saɼ a dtugaiɼ do ḃɼeiṫ féaċ laiſtiġ de’n
ċɼoicean.
AN MAĊTÍRE, AGUS AN T-UAN, AGUS
AN GAḂAR
Ṫáinig maċtíɼe lá aɼ ġaḃaɼ, aguſ uan
’ġá deól. “ Tá deaɼṁad oɼt, a uainín,” aɼſan
maċtíɼe. “ Ní h-é an gaḃaɼ ſan do ṁáṫaiɼ.
Sin í ṫall í, féaċ, ameaſg na gcaoɼaċ. ”
“ Ní ḟeadaɼ, i ndoṁnaċ ! ” aɼſan t-uan.
“ B’ ḟéidiɼ guɼ ḃ’ iúd í ṫall mo ṁáṫaiɼ, aċ
ní h-í ṫóg me. Ní h-í ċoṫuiġ me. Sid í anſo
an ṁáṫaiɼ do ċoimeád am’ beaṫaiḋ me aguſ
iſ di a leanfad anoiſ.”
An Múine :
Má ḟágan tú do leanḃ le h-oileaṁaint ag
duine iaſaċta ní ḃeiḋ agat aɼ ball aċ leanḃ
iaſaċta.
|