26 AESOP
Ċuiɼeadaɼ an ċeiſt ċuige aiɼíſ aguſ aiɼíſ
eile. Fé ḋeiɼe duḃaiɼt ſé, “ Tá ſé cuɼṫa
tɼoiġ go leiṫ i dtalaṁ ſa ṗáiɼc ſin amuiċ.”
Níoɼ ḟéadadaɼ a ṫuille eóluiſ d’ḟáġail
uaiḋ. Fuaiɼ ſé báſ aguſ do cuiɼeaḋ é.
Siúd ag loɼg an aiɼgid iad-ſan.
Do ṫeip oɼṫa a ḋéanaṁ amaċ ſa ṗáiɼc
áit ba ḋóiċiġe ’ná a ċéile ċun an aiɼgid do
ḃeiṫ ann. Ḋeineadaɼ poll ṫall aguſ poll
aḃfuſ, fé maɼ ċeapadaɼ go mb’ḟéidiɼ go
ḃfaiġdíſ é, aċ ní ḃfuaɼadaɼ a ṫuaiɼiſg.
Fé ḋeiɼe ṫánadaɼ i dtoſaċ na páiɼce aguſ
do ɼóṁɼadaɼ ṫóɼſa an uile óɼlaċ di, tɼoiġ
go leiṫ aɼ doiṁneaſ. Ní ḃfuaɼadaɼ an
t-aiɼgead. Ní ɼaiḃ ſé ann ċuige. “ Cad
a ḋéanfam anoiſ? ” aɼſa duine acu.
“ Cuiɼimíſ aɼḃaɼ ſa ṗáiɼc,” aɼſa duine eile,
“ aguſ bíoḋ ɼud éigin againn de ḃáɼ áɼ
ſaoṫaiɼ.” Do deineaḋ ſan, aguſ an baɼa
aɼḃaiɼ a ḃí aɼ an bpáiɼc ſin ſa ḃfoġṁaɼ a
ḃí ċuġainn do baineaḋ é aguſ do buaileaḋ
é aguſ cuiɼeaḋ ḋ’á ḋíol é, aguſ do ḋein
ſé níoſ mó aiɼgid ’ná maɼ ċeapadaɼ a ḃí
i ḃfolaċ agá n-aṫaiɼ ó ṫoſaċ. Ṫugadaɼ
an ſaoṫɼú céadna aɼ ḋá ṗáiɼc i gcóiɼ
na h-aṫḃliaḋna, aguſ ḋeineadaɼ a ḋá oiɼead
aiɼgid, aguſ maɼ ſin dóiḃ go dtẛí go ɼaḃdaɼ
neaṁſpleáḋaċ go maiṫ.
An Múine :
Nuaiɼ a ḃeiɼ ag dul ċun báiſ fág agad’
ċlainn cóṁaiɼle a leaſa aguſ fonn na cóṁ-
aiɼle ſin do ḋéanaṁ oɼṫa. Iſ áḋḃaɼaiġe
ḋóiḃ ſan ’ná aiɼgead móɼ.
|