A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 15
ḃfeaɼ ann. Aċ am’ bɼiaṫaɼ go mb’ḟeaɼɼ
liom féin an feóċadán ſo ’ná é.”
An Múine :
“ Gaċ aoinne a’ſ a ṁeón féin aige.”
“ Beaṫa ḋuine a ṫoil ! ”
NA MAĊTÍRÍ AGUS NA CAOIRE
Ḃíodaɼ na maċtíɼí aguſ na caoiɼe aḃfad
i gcogaḋ le ċéile. Fé ḋeiɼe d’iaɼadaɼ ſoſ
cóṁɼaic aɼ a ċéile le h-ionċaſ go ndéanfí
ſíoṫċáin. Dob’ éigean géill do ṫaḃaiɼt ó
gaċ taoḃ go ndéanfí an ſoſ cóṁɼaic do
ẛeaſaṁ. Duḃɼadaɼ na maċtíɼí na caoiɼe do
ṫaḃaiɼt na ngaḋaɼ uaṫa, aguſ go dtaḃaɼ-
fidíſ féin a gcoileáin uaṫa. Do deineaḋ
maɼ ſin.
Aɼ ball, nuaiɼ ċonacadaɼ na coileáin
na caoiɼe ’n-a dtímpal aguſ gan tuaiɼiſg aɼ
a máiṫɼeaċaiḃ féin, ċɼomadaɼ aɼ ġlamuíol
aguſ aɼ ġol go tɼuaġṁéileaċ. D’aiɼiġ na
máiṫɼeaċa ġol na gcoileán. “ Ó ! ” aɼ ſiad,
“ táid na caoiɼe úd ag maɼú áɼ gcoileán.
Tá an ſoſ cóṁɼaic bɼiſte.” Aguſ ſiúd i
meaſg na gcaoɼaċ iad, ’ġá maɼú aguſ ’ġá
n-iṫe, maɼ ní ɼaiḃ aon ġaḋaɼ anoiſ ag na
caoiɼe boċta.
An Múine :
Glac cóṁaiɼle ód’ naṁaid--aċ féaċ náċ
cóṁaiɼle aɼ ṁaiṫa leiſ féin í.
|