14 AESOP
anoiſ go ɼaġam a ċodla i n-am aguſ beam
anſo aɼ eiɼiġe lae aɼ maidin aguſ bainfam
féin an goɼt.”
Ṫáinig an ḟuiſeóg aḃaile. “ Cad duḃɼaḋ
indiu?” aɼ ſiſe. “ Duḃaiɼt an feaɼ,” aɼ
ſiad, “ go mbeaḋ ſé féin aguſ a ṁac anſo
aɼ eiɼiġe lae aɼ maidin aguſ go mbainfidíſ
féin an goɼt.”
“ Ambaſa, a ċlann ó,” aɼ ſiſe, “ ní foláiɼ
dúinn ḃeiṫ ag gluaiſeaċt. Bainfaɼ an goɼt
amáɼaċ.”
An Múine :
An t-é ḃeiḋ ag bɼaṫ aɼ an ḃfeaɼ ṫall
ċun a ġnóṫa ḋéanaṁ beiḋ an gnó gan déanaṁ
aige.
AN T-ASAL AGUS AN BIA
Ḃí aſal aguſ ḃí ciſeán aɼ a ṁuin, aguſ ḃí
an ciſeán lán de ḃia ṁaiṫ, i gcóiɼ na ḃfeaɼ
a ḃí ag obaiɼ ſa ġoɼt aɼ an dtaoḃ ṫall de’n
ḃaile. Ag cuɼ an ḃóṫaiɼ de do’n aſal, do
ċonaic ſé feóċadán bɼeáġ glaſ boɼb i leiṫ
taoiḃ an ḃóṫaiɼ, aguſ ċɼom ſé aɼ é ḋ’iṫe.
Nuaiɼ a ċuaiḋ blaſ cúṁɼṫa an ḟeóċadáin
ſuaſ i n-a ċoganſaċ do ḋein ſé a ṁaċtnaṁ
maɼ ſeo:
“ Iſ gɼeanṁaɼ an ſgéal é,” aɼ ſeiſean.
“ Iſ ’mó bia fóġanta agam ſa ċiſeán ſo
ṫiaɼ aɼ mo ṁuin, aguſ iſ móɼ é dúil na
|