HERCULÉS AGUS AN CAIRÉIR
Ḃí caiɼéiɼ ag taɼang aḋmaid. Ḃí ḋá
ċapal aige ag taɼang an ċaɼɼa aguſ ḃí
ualaċ tɼom aɼ an gcaɼɼa. Táinig ſé go
h-áit de’n ḃóṫaɼ a ḃí ɼó ḃog aguſ ċuaiḋ
ceann deſ na ɼoṫanaiḃ ſíoſ go mol tɼíd an
mbóṫaɼ, aguſ do ſtad na capail. Ḃuail
ſé na capail. Ní ɼaiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann.
Ní ḟéaḋfidíſ aon ḃogaḋ ḃaint aſ an ualaċ.
Ċaiṫ ſé é féin aɼ a ḋá ġlúin aguſ ġlaoḋaiḋ
ſé aɼ Heɼculéſ, aguſ d’iaɼ ſé aiɼ teaċt
aguſ fóiɼiṫint aiɼ. B’é Heɼculéſ dia an
niɼt ag na págánaċaiḃ.
D’ḟéaċ Heɼculéſ anuaſ aiɼ.
“ Cuiɼ féin do ġuala fé’n ualaċ, a ċlaḋaiɼe
ḋíoṁaoin ! ” aɼ ſeiſean.
Do ċuiɼ. Anſan do ċuiɼ Heɼculéſ a
neaɼt féin ag caḃɼú leiſ, aguſ do tógaḋ an
ɼoṫ aſ an bpoll.
|