A TÁINIG GO H-ÉIRINN 135
ɼiṫ an buaċaill aguſ do liúiġ ſé, “ Ó, an
maċtíɼe ! an maċtíɼe ! ” aċ níoɼ cuiɼeaḋ aon
tſuim ann.
“ Spóɼt a ṫeaſtuiġeann uaiḋ a ḃeiṫ aige
oɼainn,” aduḃaiɼt na daoine, “ fé maɼ a ḃí
aige oɼainn ſeaċtṁain ó ẛin.”
Do ṁaiɼḃ an maċtíɼe na caoiɼe, maɼ ní
ɼaiḃ aoinne ċun iad do ċoſaint aiɼ.
An lá ’n-a ḋiaiḋ ſan ḃí duine iaſaċta ag
gaḃáil an tɼeo. Ċonaic ſé an buaċaill ag
gol.
“ Cad ’tá aiɼ ſiúd ? ” aɼ ſeiſean le duine
deſ na cóṁaɼſain.
“ Tá,” aɼſan ċóṁaɼſa, “ gol an ġáiɼe a
ḃí aige ſeaċtṁain ó ẛin.”
An Múine :
Má ṫugan tú maɼ ḃéaſ duit féin ḃeiṫ ag
ínſint an éiṫiġ ní cɼeidfaɼ an ḟíɼinne
uait.
Iſ féidiɼ do ḋuine déanaṁ gan a ġaolta,
aċ ní féidiɼ dó déanaṁ gan na cóṁaɼſain
atá ’n-a ṫímpal. An t-é guɼ maiṫ leiſ
deaġ-ċóṁaɼſanaċt d’ḟáġail ní foláiɼ dó
deaġ-ċóṁaɼſanaċt a ṫaḃaiɼt uaiḋ.
Dɼoċ-ċóṁaɼſanaċt iſ eaḋ ḃeiṫ ag maġaḋ
aguſ ag fonoṁaid fé ḋaoine. Ní ɼaiḃ an
ɼaṫ ɼiaṁ aɼ a leiṫéid.
Ná dein-ſe indiu gáiɼe náċ ceaɼt duit a
ḋéanaṁ, le h-eagla go ndéanfá gol an
ġáiɼe ſin amáɼaċ.
|