AN MADA-RUAḊ AGUS AN LEÓN
BREAC
Ḃíoḋ an león bɼeac coitċianta ag
maoiḋeaṁ aſ an gcɼoicean bɼeáġ bɼeac a
ḃí aiɼ. Ḃí a leiṫéid ſin de ṁeaſ aige aiɼ
féin maɼ ġeall aɼ a ċɼoicean guɼ ḃ’ aɼ
éigin a laḃɼaḋ ſé le h-aoinne eile deſ na
h-ainṁiḋṫiḃ.
“ Iſ bɼeáġṫa an cɼoicean atá oɼm,”
adeiɼeaḋ ſé, “’ná maɼ atá aɼ an león
mbuiḋe féin ! ”
Ḃíodaɼ go léiɼ boḋaɼ aige. Fé ḋeiɼe
do ḃuail an mada-ɼuaḋ ċuige ſuaſ aguſ do
laḃaiɼ ſé leiſ, go dána.
|