A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 131
h-uḃlaiḃ ſin guɼ óɼduiġ ſé an cɼann d’aiſ-
tiɼiú iſteaċ i n-a uḃall-ġoɼt féin. Do
h-aiſtiɼiġeaḋ an cɼann. Ḃí an cɼann ɼó
ċɼíona ċun aiſtɼiġṫe, aguſ do ṁaiɼḃ an
t-aiſtiɼiú é. D’ḟeóċ ſé. Níoɼ ḟáſ a
ṫuille uḃall aiɼ. Do h-ínſeaḋ do’n
ṁáiġiſtiɼ go ɼaiḃ an cɼann taɼ éiſ
feóċad.
“ Seaḋ ! ” aɼ ſeiſean. “ Sin í an tſaint
agam. Dá mb’ áil liom ḃeiṫ ſáſta leiſ an
mbɼonntanaſ a ġeiḃinn ḃeaḋ ſé le fáġail
fóſ agam.”
“ Seaḋ ! ” aɼſan feiɼmeóiɼ. “ Dá mb’
áil liom-ſa gan aon bɼonntanaſ a ṫaḃaiɼt
ɼiaṁ dó ní ḃeaḋ ḟioſ aige iad a ḃeiṫ ċóṁ
maiṫ, aguſ ní ṫiocfaḋ an dúil aige ionta,
aguſ ḃeaḋ mo ċɼann bɼeáġ agam féin
fóſ.”
“ Seaḋ ! ”aɼſan ċóṁaɼſa. “ Tuille tu-
baiſte ċuġaiḃ aɼaon ! Aɼ ṁaiṫa leat féin
a ṫugṫá-ſa an bɼonntanaſ uait. Náċ maiṫ
náċ do ḋuine ḃoċt a ṫugṫá é ! Ní h-é do
leaſ a ḋeiniſ, áṁṫaċ, ſa ġnó. Ní maiṫ a
ṫáinig aſ duit, aċ olc. Ḋein ſeiſean an
éagcóiɼ oɼt, áṁṫaċ, aguſ tá a ṫoɼaḋ
aige.”
“ Aɼ ṁaiṫa leiſ féin a ḋeinean an cat
cɼónán.”
|