A TÁINIG GO H-ÉIRINN 128
“ guɼ ḃ’ é féin a ċuiɼ an ɼuag aɼ an león !
Tá díolta go daoɼ aſ an ndeaɼṁad aige.”
An Múine :
Ná glac cɼeideaṁaint de ḃáɼ gníṁ náɼ
ḋeiniſ aguſ ná ɼaiḃ aɼ do ċumaſ a ḋéanaṁ,
nú iompóċaiḋ an ċɼeideaṁaint ċun náiɼe
ḋuit, nú b’ḟéidiɼ ċun cailleaṁaint anama ḋuit.
Ní h-é an t-é iſ áɼd glóɼ iſ maiṫ gníoṁ
i gcóṁnuiḋe.
AN BOLG AGUS AN ĊUID EILE DES NA
BALLAIḂ BEAṪA
D’eiɼiġ toiɼmeaſg idiɼ ḃallaiḃ beaṫa an
duine uaiɼ éigin fadó. An bolg fé ndeaɼ é.
Do ṫuig an ċuid eile acu guɼ iſteaċ ſa ḃolg a
ṫéiḋeaḋ gaċ aon ḃlúiɼe de ṫoɼaḋ a ſaoṫaiɼ,
aguſ go ɼaḃadaɼ cɼeaċta aige, aguſ ná dein-
eaḋ ſé féin aon ḃlúiɼe oibɼe, aċ é deaɼg-ḋíoṁ-
aoin, ag iṫe aguſ ag ól an uile ḃlúiɼe bíḋ aguſ
an uile ḃɼaon diġe d’á ḃféadaidíſ a ẛoláṫaɼ.
“ Féaċ,” aɼſan ċoſ, “ an ſaġaſ bɼóige
atá oɼm ! Siuḃlaim a lán aguſ deinim a
lán ſoláṫaiɼ, aċ ſloigean ſé ſin gaċ a
ḃféadaim a ċɼuinniú aguſ ní ḟágann ſé
blúiɼe agam féin ċun bɼóige ċeannaċ.”
“ Tá an ſgéal céadna agam-ſa,” aɼſan
ċoſ eile. “ Táim geaɼɼṫa ó’n mbóṫaɼ aguſ
táim millte ag fuaċtáin, aguſ ní féidiɼ
liom bɼóigín a ċuɼ oɼm féin, bíoḋ guɼ ’mó
bɼóg ḃɼeáġ ṁaiſeaṁail a ġeóḃainn aɼ a ḃfuil
taḃaɼṫa do’n ḃolg ſan agam le bliaḋain.”
“ Tá an ſgéal céadna agam-ſa,” aɼſan láṁ
ċlé.
|