A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 121
“ Ó, ambaſa, a ṁic ó,” aɼſan ſeangán
leiſ, “ dá gcaiṫimíſ-ne an ſaṁɼaḋ ag iṫe
aguſ ag ól aguſ ag ɼinnce le ceól ní ḃeaḋ
againn aċ an t-ocɼaſ aguſ an fuaċt, aguſ
ba ḃeag an taiɼḃe ḋúinn dul ag tɼial oɼt-ſa
ag loɼg gɼáinne cɼuiṫneaċtan oɼt, maɼ ní
ḃeaḋ ſé agat le taḃaiɼt dúinn. An t-é
ċaiṫfiḋ an ſaṁɼaḋ ag iṫe aguſ ag ól aguſ
ag ɼinnce le ceól ní foláiɼ dó an taoḃ eile
de’n ſgéal a ḃeiṫ aige ſa ġeiṁɼe, .i.
an fuaċt aguſ an t-ocɼaſ. Imṫiġ leat, a
ḋuine ṁacánta. Ní’l neaɼt againn oɼt. Ná
bí ag leigint na h-oiḋċe oɼt.”
An Múine :
Iſ é Dia a ċeap an obaiɼ do’n duine aɼ an
ſaoġal ſo. D’á ḃɼíġ ſin, ɼud beannuiġṫe
iſ eaḋ an obaiɼ. Aguſ má’ſ ɼud beannuiġṫe
an obaiɼ iſ ɼud malluiġṫe an díoṁaointeaſ.
An t-é a ċaiṫfiḋ a óige ag iṫe aguſ ag ól
aguſ ag ɼinnce le ceól tiocfiḋ an t-aoſ aiɼ,
aguſ ḃeiḋ teinneaſ aguſ diaċaiɼ aiɼ maɼ
ġeall aɼ an ndɼoċ-úſáid a ṫug ſé ḋó
ſéin i dtoſaċ a ẛaoġail, aguſ ní ḃeiḋ
aon ɼud cuɼṫa ’n-a ċóiɼ féin aige ċun
aon ḃogaḋ ḋéanaṁ aɼ an gcɼuaḋtan.
Beiḋ aige “ gol an ġáiɼe ” a ḃí i dtoſaċ
a ẛaoġail aige.
Má ḋeinean an dɼoċ-úſáid cioɼɼḃaḋ aɼ a
ẛaoġal ḃeiḋ ſé aɼ an ſaoġal eile, aguſ iſ
baoġalaċ go m-ḃeiḋ “ gol ” níoſa ṁeaſa
aige.
Cuiṁniġ i n-am aɼ na neiṫiḃ ſin.
|