12 AESOP
“ A ! ” aɼſan gioɼḟiaḋ, “ iſ minic aiɼiġeaſ
guɼ maiṫ an t-iománaiḋe an t-é a ḃíon aɼ an
gclaiḋ.”
An Múine :
An t-é ḃeiḋ ag faiɼe aɼ ġnó an ḟiɼ ṫall
taḃaɼfiḋ ſé failliġe ’na ġnó féin. Ná taḃaiɼ
cóṁaiɼle ċóṁgaɼaċ neaṁċongantaċ uait nú
tiocfiḋ ſí aḃaile ċuġat uaiɼ éigin.
AN ḞUISEÓG AGUS A h-ÁL
Ḃí fuiſeóg aguſ nead aici i ngoɼt. D’imṫiġ-
eaḋ ſí amaċ gaċ lá ag ſoláṫaɼ do’n ál ḃeag
a ḃí ſa nid aici. Lá d’á ɼaiḃ ſí amuiċ ṫáinig
feaɼ an ġuiɼt aguſ a ṁac aguſ d’aiɼiġ
na h-éin ḃeaga ag cainnt iad. “ Aɼ aiɼiġiſ, a
ṁic ó,” aɼſan feaɼ, “ tá an goɼt ſo aibiḋ.
Ní foláiɼ é ḃaint. Imṫiġ aguſ bailiġ na
cóṁaɼſain aguſ bídíſ anſo agat aɼ maidin
amáɼaċ go mbaineam é.”
Nuaiɼ ṫáinig an ḟuiſeóg aḃaile d’iniſ
na h-éin ḃeaga ḋí cad duḃaiɼt an feaɼ.
“ Aguſ cad ḋéanfam ! ” aɼ ſiad, “ maɼḃóċaɼ
ſinn ! ”
“ Ní baoġal daoiḃ,” aɼ ſiſe. D’imṫiġ ſí
la’ɼ na ṁáɼaċ ag ſoláṫaɼ maɼ an gcéadna.
Ṫáinig an feaɼ aguſ a ṁac ċun an aɼḃaiɼ
do ḃaint aċ níoɼ ṫáinig aon ċóṁaɼſa, aguſ
nuaiɼ ná táinig aon ċongnaṁ níoɼ ḋeineadaɼ
aon obaiɼ. D’ḟanadaɼ go h-eadaɼṫa ag
feiṫeaṁ. Anſan duḃaiɼt an t-aṫaiɼ :-
|