A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 119
a ḃíd na h-uaiſle móɼa aɼ dinnéaɼ aige,
aguſ iṫim mo ċion de’n ḃia iſ feaɼɼ aguſ
iſ míſle d’á mbíon aɼ an mbóɼd ann.
Ní h-eaḋ, aċ dá mb’ é an teampal féin
é, bím iſtiġ ann nuaiɼ a ḃíon an íḋbiɼt
loiſgiṫe ḋ’á déanaṁ, aguſ iſ me iſ túiſge a
ḃlaiſean feóil na h-íḋbiɼte. Bím inſ gaċ
cuideaċtain d’á aoiɼde aguſ d’á uaiſleaċt,
aguſ ní ḟanaim ċoiḋċe le cuiɼe ḋ’ḟáġail.
Muɼab ionan a’ſ tuſa, ní gáḋ ḋom ḃeiṫ ag
bɼiſeaḋ mo ċɼoiḋe aguſ ag ſéide alluiſ
aſam ag obaiɼ, ó ḋuḃ go duḃ, a d’iaɼaiḋ
blúiɼe bíḋ a ẛoláṫaɼ dom féin. Dá mbeaḋ
oɼm maiɼeaċtaint maɼ a ṁaiɼean tuſa iſ
é mo ṫuaiɼim láidiɼ go ɼaġainn aguſ go
mbáṫfinn mé féin ! ”
“ Fan go fóil anoiſ,” aɼſan ſeangán.
“ Tá taoḃ eile aɼ an ſgéal ſan. Bíon tú
aɼ dinnéaɼ ag an ɼí, aċ caṫain a fuaɼaiſ
cuiɼe ? Ḃíṫeá aɼ ġualainn ḋeiſ an ɼí, aċ
an ’mó uaiɼ a cuiɼeaḋ aſ an áit ſin tú
aguſ diṫneaſ oɼt ? Iſ tu iſ túiſge a ḃlaiſ-
ean feóil na h-íḋbiɼte, aċ an ’mó uaiɼ a
cuiɼeaḋ aſ an dteampal amaċ tu le ſguaib?
An cuiṁin leat an lá úd a ċonac-ſa féin
tu aguſ do ġob ſáiḋte i gcunablaċ ṁadɼa
agat ṫall anſúd i n-aice an ḟalla ? Bíon tú
inſ gaċ áit, íſeal aguſ uaſal, aċ cá mbíon
aon ḟáilte ɼóṁat ? Iṫean tú gaċ ſaġaſ
bíḋ, aċ caṫain a ḋ’iṫiſ aon ḃia ba leat
féin ? Ní ḋeinean tú aon obaiɼ ċoiḋċe.
Iſ deaſ an adṁáil í ſin uait. Iṫeann tú
bia aguſ ní ḋeinean tú aon ḃlúiɼe oibɼe !
Ba ċóiɼ go mbeaḋ náiɼe oɼt. Díolfiɼ aſ
|