118 AESOP
dom ſiḃ a ċuɼ i nḃuɼ ſuiḋe aɼ uaiɼ an
ṁeaḋon-oiḋċe nú ní ḃeaḋ an obaiɼ déanta
agaiḃ.”
B’éigean dóiḃ eiɼiġe aɼ uaiɼ an ṁeaḋon-
oiḋċe aſ ſan amaċ. Ḃí ſan cúpla uaiɼ a’
ċloig nú tɼí ní ba ṫúiſge ’ná maɼ a ḃí oɼṫa
eiɼiġe nuaiɼ a ḃí an coileaċ ann.
An Múine :
Má’ſ maiṫ leat feaḃaſ a ċuɼ oɼt féin,
tuig go cɼuinn ad’ aigne náċ le dɼoċ-
ġníoṁ a ċuiɼfiɼ feaḃaſ oɼt féin.
Pé ſaġaſ an t-olc ba ṁaiṫ leat a leiġeaſ,
má’ſ le dɼoċ-ġníoṁ a ḋéanfiɼ an leiġeaſ
taḃaɼfiḋ an dɼoċ-ġníoṁ olc oɼt a ḃeiḋ
níoſa ṁeaſa ná an t-olc a ḃí ɼoimiſ.
“ Do ḃuail clog ſa ċill aguſ níoɼ ḃinn é
an clog,
Do ḃuail clog eile ſa ċill a dein clog
binn de’n ċlog.”
“ D’á olcaſ é Séadna
Iſ meaſa ḃeiṫ ’n-a éaġmuiſ.”
AN SEANGÁN AGUS AN ĊUIL
Ḃuail ſeangán aguſ cuil lá umá ċéile,
aguſ, taɼ éiſ ɼoinnt cainnte ḋéanaṁ dóiḃ,
d’eiɼiġ eataɼṫa maɼ ġeall aɼ an ſóɼd ſliġe
ḃeaṫa a ḃí ag gaċ aoinne acu.
“ Iſ feaɼɼ aguſ iſ uaiſle go móɼ an
tſliġe ḃeaṫa atá agam ’ná maɼ atá agat-ſa,”
aɼſan ċuil. “ Bím ameaſg na n-uaſal iſ
aoiɼde. Bím aɼ ġualainn ḋeiſ an ɼí nuaiɼ
|