116 AESOP
“ Móɼa ḋaoiḃ, a uaiſle ! ” aɼ ſeiſean.
D’ḟéaċadaɼ aiɼ. Níoɼ ṫug aoinne acu
fɼeagɼa aiɼ.
“ Cág! Cág! Cág!” aɼ ſiad go léiɼ.
Do ɼiṫeadaɼ ċuige aguſ ċɼomadaɼ aɼ a
gcleití do ſtaṫaḋ aſ an eaɼbal. Anſan do
ſtaṫadaɼ a ċleití féin aſ, i dtɼeo guɼ ġeaɼɼ
ná ɼaiḃ cleite i n-aon ċoɼ ann aige. Anſan
do ſtaṫadaɼ na cleití aſ a ſgiaṫánaiḃ.
Anſan do ſtaṫadaɼ an clúṁ go léiɼ de
aguſ ċomáineadaɼ uaṫa é, aguſ fuil go
tiuġ aiɼ.
Ṫáinig ſé aḃaile ag tɼial aɼ na cágaiḃ
eile. Ċonacadaɼ ag teaċt é. Do ɼiṫ-
eadaɼ amaċ ’n-a ċoinniḃ.
“ Ná taɼ anſo ċuġainne,” aɼ ſiad, “ ag
taḃaiɼt náiɼe ḋúinn ! Imṫiġ ṫaɼ n-aiſ ag
tɼial aɼ na h-uaiſliḃ. Ní’l aon ġnó anſo
agat. Imṫiġ ! ”
Ṁeaſ ſé gan imṫeaċt, aċ do ġobadaɼ é
aguſ do ġaḃadaɼ d’á ſgiaṫánaiḃ aiɼ i dtɼeo
go mb’éigean dó imṫeaċt aguſ tuille fola
aiɼ.
An Múine :
Nuaiɼ a ṫáinig Aeſop go h-Éiɼinn fuaiɼ ſé
Éiɼe lán d’á leiṫéid ſiúd, aguſ ḃí ſeiɼḃṫean
móɼ aiɼ. Tá a malaiɼt ag eiɼiġe ſuaſ i
n-Éiɼinn le déanaiġe, áṁṫaċ.
An t-é ná fanan ſa ċɼuiṫ n-aɼ dúṫċaſ
dó aċ a ḃíon ag ɼiṫ i ndiaiḋ na h-uaiſleaċta,
iſ aṁlaiḋ a ḃíon an uaiſleaċt ag teiṫe
uaiḋ aguſ an íſleaċt ag magaḋ féi, aguſ
iad aɼaon bɼéan de.
|