A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 115
feaɼɼ aon león aṁáin ’ná ḋá ṁóɼẛeiſeaɼ
de ṁaidɼíníḃ ɼuaḋa. Aguſ i dtaoḃ na
h-aimſiɼe, iſ fiú león feiṫeaṁ leiſ.”
“ Iſ león liom-ſa gaċ aoinne de m’
ṁóɼẛeiſeaɼ,” aɼſan mada-ɼuaḋ.
“ Iſ geal leiſ an ḃfiaċ duḃ a ġeaɼɼcaċ
féin,” aɼſan león.
An Múine :
Ní ſa ċóṁaiɼeaṁ a ḃíon an taiɼḃe, go
minic, aċ ſa ṁianaċ.
AN CÁG AGUS NA PÉACÓGA
“ Ní’l inſ na cágaiḃ ſeo aċ cábóga,”
aɼſan cág. “ B’ḟeaɼɼ liom go ḃféadfinn
imṫeaċt uaṫa aɼ fad. Ní’l aon ní i ḃfuiɼm
uaiſleaċta ag baint leo. Bíon náiɼe oɼm
nuaiɼ a ċíteaɼ me ’n-a gcuideaċtain. Ní
móɼ ḋom ſeift éigin a ḋéanaṁ aɼ ḋul leiſ
na péacógaiḃ. Sin iad na h-éin atá uaſal.
Iſ ɼó ḃeag an ɼud a déanfaḋ péacóg díom
féin. Éan bɼeáġ deallɼaiġṫeaċ iſ eaḋ me.
Ní ḃeaḋ uaim aċ na cleití.”
Aſ ſan amaċ iſ aɼ éigin a laḃaɼfaḋ ſé le
h-aoinne deſ na cágaiḃ eile, ḃí a leiṫéid ſin
de ḋɼoċ-ṁeaſ aige oɼṫa. Ċɼom ſé aɼ ḃeiṫ
ag bailiú na gcleití a ṫuiteaḋ a’ h-eaɼ-
balaiḃ na bpéacóg. Aɼ ball ḃí oiɼead
acu bailiġṫe aige aguſ ḋéanfaḋ eaɼbal.
Ṡáiḋ ſé ’n-a eaɼbal féin iad, i dtɼeo guɼ
dóiċ le duine guɼ b’ eaɼbal péacóige é.
Siúd anonn é ċun an tiġe ṁóiɼ, maɼ a ɼaiḃ
na péacóga ’n-a gcóṁnuiḋe.
|