A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 109
ɼó láidiɼ. Fé ḋeiɼe do ċɼuinniġ an ġaoṫ
a neaɼt aguſ do ẛéid ſí go h-iongantaċ.
Do ċɼuinniġ an cɼann a neaɼt aguſ ẛeaſaiṁ
ſé ’n-a coinniḃ. Má ẛeaſaiṁ, d’eiɼiġ na
pɼéaṁaċa aguſ an fód i n-aon ſgailp aṁáin
aguſ do ſíneaḋ an daiɼ aɼ an bpoɼt.
D’imṫiġ an ſtoiɼm. Do ṫóg an bɼoḃ a
ċeann. Ċonaic ſé an daiɼ ſínte. Ní
duḃaiɼt ſé focal. Do laḃaiɼ an daiɼ.
“ Iſ iongantaċ an ſgéal é ! ” aɼ ſeiſean.
“ Tuſa ad’ ẛeaſaṁ aguſ miſe aɼ láɼ ! Ní
féidiɼ liom é ṫuiſgint.”
“ Nuaiɼ a ṫáinig an neaɼt ſa ġaoiṫ,” aɼſan
bɼoḃ, “ do ċɼomaſ mo ċeann aguſ do
ſgaoileaſ ṫaɼm í.”
“ Aguſ tá do ċeann anáiɼde aiɼíſ agat ċóṁ
h-aibiḋ aguſ a ḃí ɼiaṁ ! Ḋeiniſ an ceaɼt.
Ní’l againne aċ neaɼt áiɼiṫe. Neaɼt gan
teóɼa iſ eaḋ neaɼt na gaoiṫe.”
“ Aguſ cad i n-a ṫaoḃ náɼ ċɼomaiſ maɼ a
ḋeineaſ-ſa ? ” aɼſan bɼoḃ.
“ Ní ḟéadfinn é,” aɼſan daiɼ. “ Ḃí an
iomad de’n ſtailc ionam.”
An Múine :
“ Míne fɼi gaɼg.
Íſeal fɼi aɼd.”
(Bɼíġid Naoṁṫa.)
“ Iſ feaɼɼ míne ’ná boiɼbe ṁóɼ.”
“ Iſ feaɼɼ teiṫe maiṫ ’ná dɼoċ-ẛeaſaṁ.”
“ Ní h-ag an láidiɼ a ḃíon an buaḋ i
gcoṁnuiḋe.”
|