A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 107
AN LEÓN AGUS AN FEAR
Ḃí an feaɼ ag fiaḋaċ. Ḃí ſé ag leagaḋ
na mbeiṫiḋeaċ allta go tiuġ leiſ na ſaiġdiḃ.
Ḃí ſgeón ionta aguſ iad ag teiṫe uaiḋ
iſteaċ i ndiaṁaɼaiḃ na coille.
“ Téanam,” aɼſan león, “ aguſ tɼoid-
imíſ é. Táim féin, nú aoinne agaiḃ-ſé, ċóṁ
láidiɼ le deiċneaḃaɼ d’á ẛaġaſ. Tugaimíſ
aġaiḋ aiɼ ! ”
Ní ṫiocfaḋ aoinne acu leiſ. B’ éigean dó
teaċt i n-a aonaɼ. Ní ɼaiḃ ſé aċ tagaiṫe
i ɼaḋaɼc an ḟiaḋaiḋe nuaiɼ a ġluaiſ ſaiġead
ċuige. Ċuaiḋ an ſaiġead iſteaċ i n-a ċliaṫán
idiɼ ḋá aſna aguſ ṫuit ſé. Ḃí an mada-ɼuaḋ
ag féaċaint aiɼ ag tuitim.
“ Ó ! a ɼí,” aɼſan mada-ɼuaḋ, “ cad a leag
ṫu ? Níoɼ ṁeaſaſ go ɼaiḃ neaɼt aɼ biṫ a
d’ḟéadfaḋ an leagaḋ ſan do ḃaint aſat ! ”
“ Níoɼ ṁeaſaſ féin é aċ ċóṁ beag,” aɼſan
león. “ An feaɼ ſan ṫall a ḋein é. Aċ
ní le neaɼt a ċuiɼp a ḋein ſé é. Le n-a
ġliocaſ iſ eaḋ ḋein ſé é. Dá ḃfuiġinn-ſe
gɼeim aiɼ ba ġeaɼɼ an ṁoill oɼm an t-anam
a ḃaint aſ. Aċ cad é an ṁaiṫ ſan ? Muɼa
ḃfuil neaɼt cuiɼp aige tá neaɼt intleaċta
aige. D’ḟág ſan miſe tɼéiṫ.” Aguſ d’imṫiġ
an t-anam aſ.
An Múine :
Iſ neaṁní neaɼt cuiɼp ſeaċaſ neaɼt aigne.
Méaduiġṫeaɼ neaɼt na h-aigne le foġluim.
Neaɼt do’n aigne iſ eaḋ eóluſ, fé maɼ iſ
neaɼt do’n ċolainn bia.
|