106 AESOP
ċodla aiɼ. An ḟaid a ḃí ſé ’n-a codla
do h-iompuiġeaḋ an taiſge aguſ do ṫuit
na ſaiġde go léiɼ amaċ aɼ an úɼláɼ, aguſ
ċuadaɼ féin aguſ ſaiġde an Ḃáiſ, a ḃí caiṫte
aɼ an úɼláɼ, ċuadaɼ tɼé n-a ċéile. Aɼ ḃall,
nuaiɼ a ḋúiſiġ Cúpid aſ a ċodla, ċɼom ſé
aɼ na ſaiġde do ḃailiú aguſ do ċuɼ ċuige.
Ḋein ſé deaɼṁad, maɼ ḃí an codla ’n-a
ẛúiliḃ. Ṫóg ſé ċuige cuid de ẛaiġdiḃ an
Ḃáiſ, aguſ d’ḟág ſé ’n-a ḋiaiḋ cuid d’á
ẛaiġdiḃ féin.
Sin é cúiſ, adeiɼ Aeſop, go dtagan an
báſ, uaiɼeanta, aɼ ḋaoiniḃ óga bɼeáġṫa,
nuaiɼ iſ aɼ ġɼáḋ ba ċóiɼ iad a ḃeiṫ ag cuiṁ-
neaṁ, aguſ go dtuitid ſeandaoine i ngɼáḋ,
uaiɼeanta, nuaiɼ ba ċóiɼ guɼ aɼ an mbáſ a
ḃeidíſ ag cuiṁneaṁ.
An Múine :
Níoɼ ḋein Aeſop aċ an ſgéal beag ſo do
ċeapaḋ maɼ ṁíniú, daɼ leiſ, aɼ ɼud náɼ
ṫuig ſé. I dtaoḃ an ḃáiſ a ḃeiṫ ag teaċt
aɼ ḋaoiniḃ óga ní’l againn le ɼáḋ aċ maɼ
aduḃaiɼt áɼ ḃfile féin :--
“ Claḋaiɼe iſ eaḋ an báſ a ḃíon ag gaḃáil
inſ gaċ aon ḃall,
A’ſ ní feaɼɼ leiſ duine aoſta ’ná leanḃ
beag óg.”
Aguſ i dtaoḃ na ſeandaoine a ḃíon ag
tuitim i ngɼáḋ nuaiɼ ba ċiɼte ḋóiḃ ḃeiṫ ag
cuiṁneaṁ aɼ an mbáſ, ní dóiċ liom féin go
ḃfuil le ɼáḋ leo aċ an ſeanḟocal úd:--
“ Bíon duine ’n-a leanḃ ḋá uaiɼ.”
|