A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 105
fé’n león. Ḃí an ḃuntáiſte aige maɼ
d’féad ſé eiɼiġe ſa n-aeɼ oſ cionn an leóin.
Do ṫúiɼling ſé anuaſ aiɼ go h-obann, aguſ
ſaɼ a ɼaiḃ ḟioſ ag an león cad a ḃí ċuige,
ḃí ſúil bainte aſ ag an ḃfiolaɼ le buille
d’iongain a ċoiſe deiſe, aguſ ḃí ſé imṫiġṫe
ſuaſ aiɼíſ maɼ imṫeóċ’ an ſplannc. D’iom-
puiġ ſan an caṫ, aguſ ḃí an buaḋ ag na
h-éanlaiṫiḃ.
Nuaiɼ a ċonaic an ſgiaṫán leaṫaiɼ go
ɼaiḃ an buaḋ ag na h-éanaiḃ, ag an muíntiɼ
n-aɼ ṫug ſé dɼuim láṁa leo, do ṫeiṫ ſé le
n-a anam aſ an áit. D’imṫiġ ſé aguſ ċuaiḋ
ſé i ḃfolaċ i bpoll cɼainn.
Ó’n lá ſan a leiṫ ní ṫaiſbeánan an ſgiaṫán
leaṫaiɼ é féin i n-aon ċoɼ i gcaiṫeaṁ an lae.
Fanan ſé go dtí tuitim na h-oiḋċe go mbíd
na h-éin go léiɼ imṫiġṫe a ċodla. Anſan
bíon ſé ag gluaiſeaċt ſa n-aṁſgaɼnaċ maɼ
a ḃeaḋ biṫeaṁnaċ.
An Múine :
Ná bíoḋ aon iontaoiḃ ċoiḋċe agat a’ “ Taḋg
an dá ṫaoḃ.”
“ Ní ṫagan an dá ṫɼáiġ leiſ an ngobadán.”
CÚPID AGUS AN BÁS
Ḃí Cúpid lá bɼeáġ gɼéine ag ſpóɼt dó
féin i n-aice na pluaiſe n-a mbíon an Báſ
i n-a ċóṁnuiḋe ann. I gceann tamail do
ġoill an bɼoṫal aiɼ. Ċuaiḋ ſé iſteaċ ſa
ṗluaiſ a ḃí ċóṁ bɼeáġ, ċóṁ h-ionḟuaɼ.
Ċaiṫ ſé é féin aɼ an dtalaṁ aguſ ṫuit a
|