104 AESOP
An gnó a ċeap Dia do’n ċuin ní h-é a ċeap
ſé do’n ṁaiſtín. Sin é cúiſ náɼ deineaḋ cú
de’n ṁaiſtín ná maiſtín de’n ċuin. Ní’l
aon ġnó iſ uſa do ḋuine ḋéanaṁ ’ná an
gnó a ceapaḋ dó. D’á ḃɼíġ ſin, iſ ceaɼt dó
ḃeiṫ ſáſta.
AN COGAḊ IDIR NA H-ÉANLAIṪE AGUS
NA BEIṪIḊIĠ
D’eiɼiġ cogaḋ fadó idiɼ na h-éanlaiṫe aguſ
na beiṫiḋiġ. Ċuaiḋ na h-éanlaiṫe go léiɼ aɼ
ṫaoḃ aguſ na beiṫiḋiġ go léiɼ aɼ an dtaoḃ eile.
Ḃí an ſgiaṫán leaṫaiɼ i gcáſ ’diɼ ḋá
ċóṁaiɼle. Ḃí an déanaṁ dúbalta aiɼ.
D’ḟéadfaḋ ſé dul leiſ na h-éanaiḃ maɼ
ġeall aɼ a ḋá ſgiaṫán, nú d’ḟéadfaḋ ſé
dul leiſ na beiṫiḋiġ maɼ ġeall aɼ a ḃéal.
Ḃí ſé ag bɼeiṫniú oɼṫa féaċaint cé ’cu
taoḃ ba ḋóiċ leiſ a ḃuaḋfaḋ. I dtoſaċ
an ċaṫa ċeap ſé go mbeaḋ an buaḋ ag na
h-éanlaiṫiḃ. Ġaiḃ ſé leó, aċ níoɼ ċuaiḋ ſé
iſteaċ i láɼ an ċaṫa. D’ḟan ſé aɼ an imeall,
aguſ é ag faiɼe ċuige féaċaint conuſ a
ġeóḃaḋ an caṫ. Níoɼ ḃ’ ḟada guɼ buaileaḋ
iſteaċ i n-a aigne guɼ ag na beiṫiḋiġ a ḃeaḋ
an buaḋ, aguſ ſiúd ċuċa anonn é aguſ an
dá ẛluaġ ag féaċaint aiɼ. Ċeap na beiṫiḋiġ
aɼ dtúiſ gan é ġlacaḋ, aċ do ṫaiſbeáin ſé
a ṗuſ dóiḃ, aguſ anſan d’ adṁuiġeadaɼ
guɼ ḃeiṫiḋeaċ é, aguſ do ġlacadaɼ é.
Do ġluaiſ an caṫ. Ḃí an león i n-a
ɼí aɼ na beiṫiḋiġ aguſ an fiolaɼ i n-a ɼí aɼ
na h-éanaiḃ. Ṫug an fiolaɼ foġa ſanntaċ
|