A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 103
AN ĊÚ AGUS AN MAISTÍN
Ḃí feaɼ ann aguſ ḃí cú aige ċun fiaḋaiġ
aguſ ḃí maiſtín ſa ḃaile aige ċun aiɼeaċaiſ a
ḋéanaṁ aɼ an dtiġ. Nuaiɼ a ṫagaḋ an t-am
ċun a gcoda ṫaḃaiɼt doſ na gaḋaɼaiḃ do
ġeiḃeaḋ an maiſtín a ċion de’n tſeilg ċóṁ
maiṫ leiſ an gcuin.
“ Ní’l ſan dleaġṫaċ,” aɼſan ċú leiſ an
maiſtín. “ Iſ miſe do leagan an tſeilg ſeo
le lúṫ mo ċoſ aguſ le neaɼt mo ḃéil, nuaiɼ
a ḃíon tuſa ſínte ad’ ċodla anſo aɼ lic
an doɼuiſ.”
“ Ní miſe fé ndeaɼ ſan,” aɼſan maiſtín,
“ aċ feaɼ an tiġe. Ní ḋeinim-ſe aċ an ɼud
a deiɼteaɼ liom a ḋéanaṁ. Aguſ ní ḋein-
ean tuſa aċ an ɼud a deiɼteaɼ leat a
ḋéanaṁ. Ní ḃeaḋ aon ṁaiṫ ionam-ſa ċun
an ḟiaḋaiġ. Ní luġa ’ná maɼ a ḃeaḋ aon
ṁaiṫ ionat-ſa ċun an tiġe ſeo do ċoſaint
aɼ na biṫeaṁnaċaiḃ. Déanfaḋ na biṫeaṁ-
naiġ amadán díot. B’ḟéidiɼ guɼ dóiċ leat
go mbím am’ ċodla, aċ feiceam ca ḃfuil
an biṫeaṁnaċ a ṫiocfiḋ a gan ḟioſ oɼm.
Tuillim-ſe an bia ſeo ċóṁ maiṫ díɼeaċ
aguſ a ṫuillean tuſa é, bíoḋ guɼ tuſa
do leagan an tſeilg.”
An Múine :
Tá a ġnó féin ceapaiṫe do gaċ duine aɼ
an ſaoġal ſo. An t-é a ḋeinean a ġnó
féin go maiṫ, bíoḋ an gnó ſan deacaiɼ nú
ſaoɼáideaċ, íſeal nú uaſal, tá a ḃeaṫa aige
ḋ’á ṫuilleaṁ le ceaɼt.
|