AN MADRA SA ṀAINSÉAR
Ḃí an madɼa i n-a luiġe ſa ṁainſéaɼ.
Ṫáinig an capal ċun an ḟéiɼ a ḋ’iṫe. Ċɼom
an madɼa aɼ ḃeiṫ ag aṁſtaɼaiġ aɼ an gcapal
aguſ ní leigfeaḋ ſé ḋó an féaɼ a ḋ’iṫe.
“ Gɼeadaḋ ċuġat, a ɼud ḋɼoċ-ṁiotalaiġ ! ”
aɼſan capal leiſ. “ Ní ḟéadfá féin an
féaɼ a ḋ’iṫe, aguſ ní leigfá ḋóṁ-ſa é
d’iṫe ! ”
An Múine :
Tá aicme daoine ſa tſaoġal aguſ deinid
ſiad díɼeaċ maɼ a ḋein an madɼa úd a ḃí
ſa ṁainſéaɼ. An ɼud ná féadfidíſ féin
aon úſáid a ḋéanaṁ de b’ḟeaɼɼ leo é ċoimeád
díoṁaoin ’ná a ṫaiɼḃe ḃeiṫ ag aoinne eile.
Tá daoine eile aguſ iſ aṁlaiḋ a ḃeaḋ áṫaſ
an doṁain oɼṫa a ḃeiṫ aɼ a gcumaſ taiɼḃe
ḋéanaṁ do ḋuine eile. Ní h-é aṁáin an
ɼud ná ḃeaḋ aon ġnó acu féin de ba ṁaiṫ
leo a ṫaḃaiɼt do’n t-é n-a mbeaḋ gáḋ aige
leiſ, aċ an ɼud n-a mbeaḋ gnó acu féin de
do leigfidíſ oɼṫa ná beaḋ i dtɼeo go
ḃféadfidíſ an taiɼḃe ḋéanaṁ do’n ċóṁ-
aɼſain.
|