AN COILEAĊ AGUS AN ĊLOĊ LOĠṀAR
Ḃí an coileaċ ag ſgɼíobaḋ ſa ċaɼn-aoiliġ.
Do noċt ſé cloċ loġṁaɼ. Ḃí an ċloċ ag
ſpɼéaċaɼnaiġ i ſoluſ na gɼéine. Ċuiɼ an
coileaċ báɼ a ġuib aɼ an gcloiċ cúpla
uaiɼ.
“ Iſ áluinn an ɼud tu,” aɼ ſeiſean, “ aċ
ní ḃfaġaim aon ḃlaſ oɼt. Tá daoine aguſ
ṫaḃaɼfidíſ móɼán aiɼgid oɼt. B’ḟeaɼɼ liom
féin gɼáinnín óɼnan ’ná ṫu ! ”
An Múine :
An t-é ná tuigean áilneaċt ɼuda ní
tuigean ſé a luaċt. Tá daoine ſa tſaoġal
aguſ, aɼ nóſ an ċoiliġ, ní’l luaċt i n-aon
ɼud dóiḃ aċ ſa ṁéid n-aɼ féidiɼ é ḋ’iṫe
nú é ḋ’ól. Ní ċuiṁniġid na daoine ſin
ċoiḋċe aċ aɼ cad a ċoṫóċaiḋ iad. Ní’l
agam le ɼáḋ leo aċ guɼ b’olc an coṫú
iad.
|