<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

Nuair a ṫáinig an ḟuiseog aḃaile d'innis na
héin óga an scéal di arís.
  "Ní gáḋ ḋúinn imeaċt fós," ar sise.
  D'imṫiġ sí ag soláṫar biḋ an ċéad lá eile.
  Ṫáinig an feirmeoir agus a ṁac aċ níor
ṫáinig na gaolta.  Mar sin, ní raiḃ siad ábalta
an t-arḃar a ḃaint.
  "Bainfimíd féin an t-arḃar i mbáraċ," ars'
an feirmeoir.
  Nuair a ṫáinig an ḟuiseog aḃaile d'innis na
héin óga an scéal di.
  "Is miṫid dúinn ḃeiṫ ag imṫeaċt anois,"
ar sise.
  Má tá obair le déanaṁ agat dein é, mar
ní ḋéanfiaḋ éinne eile ḋuit é.


FIONN MAC CUṀAILL 
AGUS AN FEAR SÍḊE

 Fadó riaṁ nuair a ḃí na Fianna in Éirinn
ṫagaḋ fear siḋe go Teaṁair gaċ aon ḃliaḋain
agus ḋóiġeaḋ sé an áit.
  Ṡeinneaḋ sé ar dtúis ceol siḋe ċun na
daoine a ċur 'na gcodlaḋ.  Ċoṁ luaṫ agus
ḃíoḋ siad 'na gcoldaḋ ċuireaḋ sé an áit tré
ṫeine.


85

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.