<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
AN ḞUISEOG AGUS A HÁL

  Ḋein fuiseog a nead i ngort arḃair tráṫ.
Nuair ṫáinig an fóġṁar d'éiriġ an t-arḃar
aibiḋ.  Lá dá riaḃ an ḟuiseog amuiġ ag
soláṫar biḋ dá hál ṫáinig an feirmeoir agus
a ṁac.
  "Tá an t-arḃar so aibiḋ," ars' an 
feirmeoir, "beiḋ orainn é ḃaint i mbáraċ.
Imṫiġ leat agus iarr ar na coṁarsain teaċt
ag caḃrú linn."
  Nuair ṫáinig an ḟuiseog aḃaile d'innis na
héin óga ḋi an rud a ċuala siad.
  "Ní gáḋ ḋúinn imṫeaċt fós," ar sise.
  D'imṫiġ sí ag soláṫar ḃiḋ an ċéad lá eile.
  Ṫáinig an feirmeoir agus a ṁac aċ níor
ṫáinig na coṁarsain.  Mar sin ní raiḃ siad
ábalta an t-arḃar a ḃaint.
  "Imṫiġ anois," ars' an feirmeoir le n-a ṁac,
"agus iarr ar ár ngaolta teaċt ag caḃrú linn
i mbáraċ."


84

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.