<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
AN RÍ AGUS AN TIĠEARNA

  Ḃí Rí i ḃfeirg le duine d'á ċuid tiġearnaí
tráṫ.  Ċuir sé sa ṗíosún é agus ḃeartuiġ sé
é ċoimeád ann ċoṁ fada agus dob ḟéidir leis.
Ḃíoḋ an tiġearna i gcóṁnaiḋe ag impiḋe ar
an Riġ é scaoileaḋ amaċ.  Níor ṫug an Rí aon
áird air go ceann i ḃfad.
  Aċ fé ḋeire ṫáinig sé go dtí an tiġearna
agus ar seisean leis :  "Scaoilfiḋ mé amaċ
ṫú ar aon ċoinġeall aṁáin."
  "Cad é an coinġeall é ?" ars' an tiġearna.
  "Caiṫfiḋ tú capall a ṫaḃairt ċuġam annso,"
ars' an Rí.
  "Is furas go leor é sin a ḋéanaṁ," ars'
an tiġearna.
  "Aċ," ars' an Rí, "ná ḃíoḋ daṫ duḃ ná
daṫ bán, daṫ donn ná daṫ glas, daṫ breac
ná daṫ crón air," agus do luaḋ sé gaċ daṫ
d'á ḃféadfaí ḃeiṫ ar ċapall.  Ċeap sé annsan


79

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.