<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

ċompánaiġ dul ar aġaiḋ gan é.  Fuair
saiġdiúirí Ṡasana é agus cuireaḋ sa ṗríosún
arís é.
  Ċuaiḋ ḋá ḃliaḋain eile ṫart agus Oiḋċe
Nodlag d'éaluiġ Aoḋ Ruaḋ arís as an
bpríosún.  Ḃí Énrí agus Art Ó Néill 'na
ḟoċair an uair seo agus amaċ tré ḋíg a
ṫángadar.  Nuair ṡroiseadar an tsráid ḃí
cara leo ann ċun ċaḃrú leo.  Ċuadar i dtreo
Ċille Manntáin arís aċ ċuaiḋ Énrí Ó Néill ar
strae uaṫa ar an mbealaċ.
 Ḃí an sneaċta go trom ar an dtalaṁ agus
tar éis tamaill níorḃ ḟéidir le hAoḋ Ruaḋ ná
le hArt Ó Néill dul níos fuide.  Do
luiġeadar sa sneaċta agus ċuaiḋ an fear eile 
ċun caḃair d'ḟaġáil dóiḃ, ó ṫaoiseaċ de
Ṁuinntir Ḃroin.
  Ċuir Ó Broin fir ċuċa le biaḋ agus éadaiġe.
Ḃíodar clúduiġṫe le sneaċta agus a gcuid
éadaiġ greamuiġṫe ḋíoḃ nuair a ṫáinig na fir
ċuċa.  Fuair art Ó Néill bás.  Ṫugadar Aoḋ 
Ruaḋ leo go caisleán Uí Ḃroin.  Tugaḋ aire
ḋó ann ago dtí go raiḃ sé slán láidir arís.
Annsan ċuaiḋ sé ṫar n-ais go Cúige Ulaḋ.


78

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.