<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

dar ndóiġ ní ḟéadfaimís eitilt gan sciaṫáin."
  Ṗléasc Tomás ar ġáiriḋe.
  "Ag tráċt ar eitealláin a ḃí an múinteoir,"
ar seisean.  "Ní ṫuigeann Seáinín an scéal."
  "A Ṡeáinín, ná feaca tú eiteallán go
minic ?" arsa Daid.
  "Ċonnaic mé," arsa Seáinín.
  "Sin é an rud a ḃí i gceist ag an múinteoir
indiu," arsa Daid.  "Anois, an ḃfuil ḟios
agat cad a ċoimeádann ag gluaiseaċt tríd an
air é ?"
  "Eitleann sé le ná ḋá sciaṫán ar nós éin,"
arsa Seáinín.
  Ġair Daid.
  "Níl an ceart agat," ar seisean.  "Ċun é
ċoimeád socair atá na sciaṫáin air.  Roṫ
guairneáin a ṫiomáineann é.  I dtosaċ an
eitealláin a ḃíonn sé sin.  Tá géaga air agus
bíonn sé ag síor-ċasaḋ." 
  "An mbíonn tiománaiḋe ann?" arsa Seáinín.
  "Bíonn," arsa Daid, "an píolóid a tugtar
air."
  "Níor ṁaiṫ liom-sa ḃeiṫ im' ṗíolóid," arsa
Seáinín.  "Ḃeaḋ eagla orm."
  "Ní ḃeaḋ eagla orm-sa," arsa Tomás, "agus
beiḋ mé im' ṗíolóid nuair a ḃeiḋ mé im' ḟear."


66

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.