<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
FÓD MÓNA AG CAINNT

  "Cuir cúpla fód móna ar an dteine nó 
raġaiḋ sí in éag," arsa Mam le Nóirín.  Do
rug Nóirín ar ḟód a ḃí ar an dteinteán agus
ċuir sí ar an dteine é.
  "Oċón," ars' an fód, "ní fada go mbeiḋ
deire liom anois.  Innseóċaiḋ mé mo scéal
duit má ḃíonn am agam, aċ beiḋ orm brostú."
  Baineaḋ preab as Nóirín nuair ċuala sí an
fód móna ag cainnt agus d'éist sí go haireaċ.
  "Do rugaḋ ar an bportaċ mé i Mí Bealtaine
seo caiṫte," ars' an fód móna.  "Fear a fuair
ann mé agus ḃain sé le sleaġán mé.  Ċaiṫ sé
ċuig fear eile mé.  Ċuir seisean ar ḃarra mé
agus ṫiomáin sé amaċ ar an bportaċ mé.
Fear mór garḃ ab eaḋ é, agus ċaiṫ sé ar an
dtalaṁ mé.  Ḃí a lán fód eile im' ḟoċair
agus brúġaḋ mé.  Ċromas ar ġol.  'Stad
de'n ġol,' arsa fód eile liom, 'táimíd go léir
brúiġte ċoṁ maiṫ leat-sa ?'


67

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.