DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 93
Is annsoin do nasc Conall ar Luġaiḋ mar do roiċfeaḋ
i measc a ṁuinntire féin naċ teiċfeaḋ uaiḋ agus go mbeaḋ
ar Ṁaiġ Airgeadrois ag feiṫeaṁ leis. Ṫáinig Conall roiṁe
iarsoin i n-a ċaṫ-ruaṫar confaḋ go haonġlaise ḃreaġ agus
níor ċian dó ann an tan do ċonnairc trí ċaogaid curaḋ
armṫa éidiġṫe d’a ionsuiḋe. D’ḟéaċ Conall orṫa, agus
d’ḟiafruiġ díoḃ cia’r ḃ’iad féin.
“Máine mór Éiḃeart,” ar fear díoḃ .i. mac mór-ġráḋaċ
Meiḋḃe Cruaċna agus Oilealla, agus aḋḃar árd-rioġ Ċonnaċt.
“Is róṁaiṫ liom a ḃfaġáil i ḃfoċair a ċéile,” ar Conall,
“má do ḃíodar ag marḃaḋ Con Ċulainn.”
“Is deiṁin gur ġoin mise é,” ar Máine.
“Goinfear tusa i n-a áit,” ar Conall.
Iarsoin d’ionsuiḋ Conall é go heasmuinntearḋa ainṁín,
agus ṫugadar uile tulgáin d’a sleaġaiḃ sioṫ-ḟada sáir-
niṁneaċa i n-éinḟeaċt ar Ċonall, agus congḃaiḋ Conall
cupaḋ a scéiṫe le sna craoiseaċaiḃ gur ḃris agus gur ṁionuiġ
a n-airm uile, agus do ċuaiḋ go fearḋa fír-niaḋta fá na
curaḋaiḃ, agus do ṫoṁais go tolgaċ tréan-láidir a ṫréan-
ḃuilleaḋa ṫar taoḃaiḃ tréin-ṁileaḋ agus ṫar corpaiḃ curaḋ
gur ḃa ciorrḃaiṫe coṁrannta cnáiṁ-réabṫa agus gur ḃa
millte marḃṫa maiṫe muinntire Máine do’n ṁór-ċumasc
soin. Agus ṫáinig Conall roiṁe mar a raiḃ Máine féin ’san
imreasán, agus ṫug buille corp-ġearrṫa cnáiṁ-leadarṫa ḋó
gur ġearr idir arm, earra agus éide é d’aon ḃuille, agus ní
ḋeaċaiḋ aenneaċ as d’a ṁuinntir gan marḃaḋ ar an láṫair
sin le Conall. Annsoin ċuaiḋ Conall fá’n ḃfioḋḃaiḋ coille
ba ċoiṁneasa dó, agus do ḃain crann a talaṁ agus do ṡníṁ
é, agus do ċuir snaiḋm ar a ḃun agus do ċuir ceann Máine
ar an ngaḋ.
“Is maiṫ liom an ceann soin do ḃeiṫ agam,’ ar Conall,
“óir do ḃeirim mo ḃriaṫar ná fillfead ar an mbaile go
bráṫ go mbeiriḋ mé lan an ġaid seo de ċeannaiḃ taoiseaċ
agus tréin-ḟear Éireann loim, agus gur tosaċ díṫe d’ḟearaiḃ
Éireann mo ṫeaċt ṫar muir do’n turas so. Óir ní ḃfuil dún
ná deaġ-árus i nÉireann ná beiḋ goil agus gárṫa ionta óm’
ċumasc-sa i ndioġailt mo ḋalta orṫa, giḋeaḋ ní maiṫ liom
mar is i gConnaċtaiḃ do rineas mo ċéad dioġailt agus mo
ċéad deargaḋ láiṁe. Agus beiḋ Sruṫ Máine d’ainm ar an
sruṫ so ó so suas mar do ṫuit Máine mac Oilealla ann.”
|