78 RUḊRAIĠEAĊT
ṁór dearg diablaiḋe i n-aġaiḋ gaċ mná díoḃ agus aon láṁ
ċruaiḋ-ḟeiṫeaċ ḟaid-ingneaċ a huċt gaċ droċ-ṁná díoḃ agus
aon ċos ċais-leaṫraċ ċlúṁaċ ċam-ġlúnaċ ċaol-ġránda a
cromán gaċ mná baiḋbe ḋíoḃ agus cinn-ḃirte briste bórd-
ɼeaṁra do ċoċall ċruinn ḋuiḃċiar lámn de ċnáṁaiḃ boc agus
reiṫeaḋa ar n-a gceangal do ċoirr-ḃearaiḃ cinn-ġéara
caorṫainn aca.
Mar do ċonnairc Cú Ċullain an ṁóir-ṫeine sin ag na
haimidíḃ aḋuaṫṁara san d’a déanaṁ do ċuir clár clé an
ċarbaid leó agus ṫáinig ’san tulaiġ seaċa. An uair do
ċonnairc Baḋb inġean Ċailitinn ag teaċt i ḃfogas dóiḃ é,
gaḃas bio de na bearaiḃ agus ṫug urċar díreaċ díongḃálta
ḋe d’ionsuiḋe aiġṫe agus éadain Ċon Culainn, agus do ċuaiḋ
cór ḃuinne an ḃeara soin i gceann na Con go dtug créaċt
daingean doileiġis dó agus créaċt millte eile do’n Léiṫ
Maċa gur ḃa leónta iad araon ó’n urċar soin. Agus do
rug Cú Ċulainn ar an mbior céadna agus ṫug urċar de
d’ionsuiḋe Baiḋbe inġean Ċailitinn gur ċuir tré n-a corp
treasna anonn is anall an bior. Riṫeas an ḃaḋb d’ionsuiḋe
ḃfear nÉireann agus an bior tríte, agus do ḃí Cú Ċulainn
go duḃaċ doḃrónaċ d’éis an urċair sin go nduḃairt: “Is
truaġ soin. Do rug an t-urċar soin leaṫ mo lúiṫ agus mo
láṁaiġ uaim, agus muna mbeidís clann Ċailitinn dom’
ċiorrḃaḋ le draoiḋeaċt do ṫuitfidís mór-sluaġ fear
nÉireann liom do’n dul so, agus aduḃairt an laoi:
Do tollaḋ mo ṫaoḃ liḃ-se
Óm’ ṁullaċ go talṁain;
Mo ṁallact do’n droing rom-ġoin
Rug uaim roinn dem’ anmain
Dá ḃfeasaidís curaiḋe Eaṁna
Mar rugaḋ uaim mo láṁaċ
Mise an curaḋ caṫḃuaḋaċ,
D’a móir-ṫriaṫaiḃ ṫánag.
Ṫuitfeaḋ liom-sa ṫar fóirṫin
Caṫa mór-ċróḋa Ċonnaċt
Muna mbeaḋ clann Ċailitinn
D’a dtáinig mo ṫaoḃ do ṫollaḋ.
A haiṫle na laoi sin, aduḃairt Cú Ċulainn le Laeġ mac
|