70 RUḊRAIĠEAĊT
Do ṫúirlingeadar annsoin, agus do ḋealḃadar ċeiṫre laoċ-
ċaṫa ró-ṁóra de gasánaiḃ sanais agus de ḃréagánaiḃ beiṫe
de ḋruim a ndraoiḋeaċtaa, agus do ċuireadar, na ċeiṫre
caṫa coṁmóra san, ioġárṫa aḋḃal-ṁóra gáiḃṫeaċa géar-
luaṫa asta ós árd gur ċlos fó na críoċaiḃ ba ċoiṁneasa
ḋóiḃ iad. Is orṫa ḃí coimeád Con Culainn an lá úd .i. ar
inġeanaiḃ triaṫ agus taoiseaċ Ulaḋ agus ar a gcoiṁleanán
féin ’sí sin Niaṁ. Do rin na mná coṁairle eadarṫa féin
cionnus do Ċoimeádfaidís Cú Ċulainn leó go haiṁleisc,
agus ṫángadar go Gleann na mBoḋar.
“Atáim-se ag seaċnaḋ an ġleanna so riaṁ,” ar Cú
Ċulainn, “agus ní ṫánag ann aon uair is luġa orm ’ná an
tan so, óir déarfaiḋ fir Éireann gurab ar teiċeaḋ uaṫa
ṫánag ann.”
Iarsoin ṫángadar rómpa ċum na rioġḃruiġne a rin Caṫḃaḋ
’san ġleann fá ċoṁair Ċon Culainn, agus do scuireaḋ an
Duḃḟaoilean agus an Liaṫ Maċa ar urlár an ġleanna. Do
ṡuiḋ Cú Ċulainn ar ṡlios na rioġḃruiġne agus do ṡuiḋ Niaṁ
inġean Ċealtċair agus an ḃantraċt do’n leiṫ eile; do
ṡuiḋeadar, aos ceoil agus oirfidiġe agus ealaḋan, ar ṡlios
eile ag déanaṁ a gceoil agus a n-oirfidiġe, agus do ġaḃdar
ag caiṫeaṁ a ḃfleaḋ go ceólṁar cluiċeaṁail annsoin.
Dála ċlainne Cailitinn, ṫángadar a dtriúr go suaraċ sír-
éadtrom ar ḟaiṫċe na hEaṁna mar a ḃfacadar Cú Ċulainn
an oiḋċe roiṁe sin; agus ó naċ fuaireadar ann é do sireaḋ
Eaṁain Maċa uile ḋó, aċt ní ḃfuaireadar ann é, agus do
b’iongnaḋ mór leó cá áit ar ġaiḃ Cú Ċulainn gan ḃeiṫ i ḃfoċair
Éiṁre agus Conċuḃair nó Curaiḋe na Craoiḃe Ruaiḋe.
D’aiṫniġeadar gurab iad coṁaċta Caṫḃaiḋ do ḃí d’a ḋíon
orṫa, agus d’eirġeadar go héanaṁail aorḋa le foluaṁain na
gaoiṫe geintliḋe draoiḋeaċta do ḋealḃadar, d’a dtógḃáil
do ċuarduġaḋ na cóige uile go nár ḟágadar fíoḋ ná fáin-
ġleann, diaṁair ná droiḃéal ’san gcóige uile gan a
gcuarduġaḋ.
Fá ḋeoiḋ do ċonnarcadar an Liaṫ Maċa agus an Duḃ-
ḟaoilean ar urlár an ġleanna agus Laoġ mac Rinġaḃra d’a
ḃforċoimeád. D’aiṫniġeadar air sin go raiḃ Cú Ċulainn
|