a ṁáṫar aċt aṁáin cleas an ġai bulga. Ḃailiġ sé cíos di,
agus ṫug sise an fáinne ḋó ċoṁ luaṫ is do ḃí a líon i n-a
ṁéir. Ṫáinig sé fó ḋéin a aṫar annsoin. Ar a ṡliġe anoir
dó, ċuaiḋ sé i n-aċrann ’san ḃfaṫaċ Mongán i nAlbain, is do
ṁairḃ é. Ḃí oireaċtas ar siuḃal i nUltaiḃ agus é ag teaċt
ar dtír ann. Fé mar ḋein sé i nAlbain, ḋiúltaiġ sé ḋóiḃ a
ṡloinne do luaḋaḋ, agus b’éigin dó urṁór na gcuraḋ do ċoṁrac
d’a ḋeascaiḃ. Do ḃuaiḋ sé orṫa uile, agus ḃí ar Ċoin Culainn
féin a ṫroid fá ḋeireaḋ. Ní adṁóċaḋ sé a ṡloinne do Ċoin
Ċulainn aċt ċoṁ beag; agus níor eiriġ leis an gCoin a
smaċtuġaḋ no gur ġoin ṫar fóir leis an ngae bulga é. Ann-
soin, agus an laoċ i mbéalaiḃ báis, is eaḋ ċuir Cú Ċulainn
aiṫne air; agus ḃí oiread san feirge ar an aṫair an uair
ṫuig sé guraḃ é a ṁac féin a ḃí ar lár aige gur ḃ’eagal le
Curaiḋiḃ na Craoiḃe Ruaiḋe teaċta i n-a ġaor. Ċuir an mac
leónta mar aṫċuinge air i ndeireaḋ gan a leigin i mbruġaiḃ
ifrinn le déiṫiḃ fallsa aċta a aḋlacaḋ i dtulaċ árd aoiḃinn.
An Coṁrac ag an Áṫ idir Ċoin Culainn is Feirdia do
ṫárla d’a éis seo. Sáirscéal atá ann. Is iomḋa fáṫ ḃí
leis an dTáin. Ḃí éad ag Fearġus mac Róiġ le Conċuḃar
mac Neasa, óir ḃí Fearġus i n-a riġ ar Ultabih ċum gur ṗós
sé máṫair Ċonċuḃar. Ġeall sé ḋí-se dá bpósfad sí é go
gcuirfeaḋ sé a mac Conċuḃar, i n-a riġ ar an gcúige go ceann
bliaḋna. Ċoṁ luaṫ agus fuair Conċuḃar an coṁaċt do
ċlaoiḋ sé leis. Bhí olc ag Fearġus le Conċuḃar, leis, mar
ġeall ar oiḋe ċlainne Uisniġ, agus ċuaiḋ sé féin is a ṫuill-
eaḋ de ċuraiḋiḃ na Craoiḃe Ruaiḋe go Connaċtaiḃ fá coṁaċt
Meiḋḃe d’a ḋeascaiḃ. Rud eile: b’é Cú Ċulainn do ṁairḃ
Calaitinn i “gCaṫ Ruis na Rioġ,” agus d’eiriġ le Meiḋḃ
clann Ċalaitinn do ġríosaḋ i n-a ċoinniḃ i dtráṫ: mór-
ṁór, do ṁeall sí Feirdia ċum coṁraiċ leis ag Áṫ Ḟeirdia.
Agus, dar ndóiġ, ḃí dúil ṁór i gcoṁaċt ag Meiḋḃ.
Agus clann Ċailitinn i n-a n-óige ḋein Meaḋḃ a leónaḋ
go dona. Agus iad ag eirġe suas, áṁ, ċuir sí i n-a luiġe
orṫa gur ḃ’é Cú Ċulainn ba ḃun le n-a mí-áḋ is le bás a n-aṫar
is do ċuir sí go hAlbain is go Sacsanaiḃ, go Baibiolíon is fé
ċúram Ḃulcain féin iad d’ḟoġluim draoiḋeaċta is diablaiḋ-
eaċta d’ḟonn Cú Ċulainn do ṁilleaḋ. An uair ḟilleadar
aḃaile d’ḟáiltiġ sí rómpa, is do ġríosuiġ iad féin agus gas-
raiḋe eile de ḟearaiḃ Éireann i gcoinniḃ Con Culainn. Ḋein
Ultaiġ a ndiċeall ċum Cú Ċulainn do ṁeallaḋ ó’n dtroid.
Ċuireadar go Gleann na mBoḋar é, agus ċuir bantraċt Ulaḋ
vii
|