50 RUḊRAIĠEAĊT
“Is truaġ san, a Ḟeirdia,” ar Cú Ċulainn. “Is truaġ
ḋuit-se féin teaċt i n-aġaiḋ do ċoṁḋalta is d’ḟir armain
agus do carad gráḋa ar ċoṁairle aon ṁná ’san doṁan.”
“Is truaġ, áṁ,” ar Feirdia, “dá ndéaluiġinn-se leat-sa
gan deaḃaiḋ do’n dul so do ḃeinn fá oil is ḟá aiṫis ag fearaiḃ
Éireann go bráṫ, agus go mór ṁór ag fearaiḃ Connaċt, ag
Meiḋḃ agus Oileall, óir déarfaidís gurab eagla do
ḃéaraḋ orm é.”
“Truaġ san, a Ḟeirdia,” ar Cú Ċulainn. “Ar ċoṁairle
fear agus ban an ḃeaṫa, ní ṫréigfinn-se ṫusa, agus ní mó
ḋéanfainn urċóid duit, agus is beag naċ dearnaḋ caoba
ḋem’ ċroiḋe tré ḃeiṫ ag coṁrac leat.”
Is annsoin aduḃairt Feirdia: “An méid ataoi-se ag
ceasaċt ar mo ḋeilḃ-se indiu, beiḋ sé de ḃarr mo ġaisce
um ṫráṫnóna. Agus, a Ċú Ċulainn, cá gaisce air a raċam
indiu?”
“Leat-sa do roġa gaisce indiu, óir is agam-sa do ḃí
mo roġa gasice indé,” ar Cú Ċulainn.
“Tiaġam ar ár gclaiḋṁtiḃ clais-leaṫna cros-órḋa indiu,”
ar Feirdia.
“Tiaġam,” arsa Cú Ċulainn.
Is annsoin do ġaḃdar ḋá leaṫain-scéiṫ ḋaingeana leaḃar-
ṁóra umpa, agus do ġaḃdar ag slat-ḃualaḋ, ag oirleaċ agus
ag aṫċumaḋ a ċéile gurab coṁmór le ceann mic míosa gaċ
toċt agus caobaḋ cró do ġeiridís de ġuailniḃ agus de
ṡliastaiḃ agus de ṡlinneánaiḃ a ċéile. Mar soin dóiḃ go
fuine néall nóna.
“Scuiream de’n ċoṁrac so,” ar Feirdia annsoin.
“Scuiream,” arsa Cú Ċulainn.
Do scuireadar annsoin, agus ṫugadar a n-airm i láṁaiḃ a
ngiolla.
Gé’r coṁrac ḋá ḟear suḃaċ soiṁeanmnaċ a gcoṁrac i
dtúis an lae sin do scaradar le ċéile an oiḋċe sin go duḃaċ
doiṁeanmnaċ doḃrónaċ, agus ní raḃdar, a n-eiċ, ar aon scur
ná a ngiollaḋa ar aen teine, agus níor ṗógadar féin a ċéile
aṁail ba ġnáṫ leó do ḋéanaṁ gaċ lá gus an lá soin. Do
ḃíodar mar soin gur eiriġ Feirdia ar n-a ḃáireaċ, agus ṫáinig
roiṁe go hÁṫ an Ċoṁraic, agus ba ḋána ḋiḃfeirgeaċ ḋeaġ-
aigeantaċ an té ṫáinig ann; agus ba hé sin lá eidirġleó na
buidne sin, óir do ċonnacṫas do Ḟeirdia go dtuitfeaḋ neaċ
|