46 RUḊRAIĠEAĊT
soin aduḃairt Cú Ċulainn a eiċ do ġaḃáil dó, agus do rineaḋ
aṁlaiḋ le Laeġ mac Rianġaḃra .i. a ġiolla dlúiṫ-ḋíleas féin.
Iarsoin do ċuaiḋe an curaḋ céadaċ cleas-lúṫṁar caṫḃuaḋaċ
céim-ḋioġuin créaċt-ċorcra claiḋeaṁ-ḋearg i n-a ċarbad,
augs do ġáireadar baḋba agus braineoin agus geilte glinne
agus deaṁain aeir, óir do ṁoṫuiġeadar fíor-ḃolaṫ na fola
ar ċraoiseaċaiḃ Con Culainn.
Níor ḃa ċina do ġiolla Ḟeirdia ar an ḃforċoimeád a raiḃ
an tan ċulaiḋ fuaim agus foṫram, torann agus troim-
ṫeaċt .i. sceaṁġol na scéiṫe, siansán na sleiġe, glain-
ḃéime an ċlaiḋiṁ, bris-ḃéime an ċaṫḃairr, dronġáir na
luiriġe, imċimilt na n-arm dtéid-ḃéimeaċ, nuaill-ġriṫ na
roṫ, cionnġáir an ċarbaid, basġoireaḋ na n-eaċ agus dlúṫ-
ċoṁráḋ an ċuraiḋ agus an ċaiṫṁíleaḋ le n-a ġiolla ag teaċt
ċum an áṫa.
Dúisiġios an giolla Feirdia. “Eiriġ, a riġṁíliḋ,”
ar sé; “gaiḃ umat do ċulaiṫ caṫa agus coṁraic, óir atáṫar
ċuġat ċum an áṫa.”
Eirġios Feirdia annsoin, agus cóiriġios a ċorp áluinn
clea-lúṫṁar i n-a ċeart-éide caṫa is coṁraic. Níor ċian
dóiḃ annsoin go ḃfacadar an carbad caoin caol-roiġin go
luaṫ lán-ċliste go bpobuill uaiṫne, go greaċ gneas-ṫirim
gleas-árd agus ḋá eaċ luaṫa bais-leaṫna ciuin-ġéara fá’n
gcarbad agus iad go feargaċ faoḃraċ fír-niaḋta ag buain
trom-ḟód de ṡáir-ṡlios gaċa iomaire ar a ṁaoile leó.
Leigtear d’ionssuiḋe an áṫa iad .i. eaċ duḃ dualaċ deas
deireeaċ druim-leaṫan diann-aigeantaċ fá ċuing de’n ċarbad
agus eaċ liaṫ luaṫ leaḃar-ḃláiṫ fá’n gcuing eile.i. an Duḃ-
seaḃac lá fuar gaoiṫe no le sioḋ gaoiṫe géaer-earraiġ lá
mearuiġṫe Márta no le laoġ áluinn allta ar ná ċéad-
ġluaiseaċt do ċonaiḃ i n-a ḋiaiḋ ḋá eaċ Ċon Culainn fá’n
gcarbad an tan soin.
Do riaċt Cú Ċulainn ċum an áṫa iarsoin agus d’éiriġ ar
an leiṫ dtuaisceartaiġ. Ṫárla Feirdia ar an leiṫ ndeis-
ceartaiġ, agus fearas fáilte roiṁ Ċoin Culainn: “Mo
ċean duit, a Ċú Ċulainn,” ar sé.
“Do buḋ tairise liom-sa an ḟáilte sin gus indiu,” ar
Cú Ċulain; “aċt indiu ní ṡaoilim gur tairsie í; agus, a
Ḟeirdia,” ar sé, “do buḋ ċóra ḋoṁ-sa fáilte do ċur roṁat-
|