COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN 41
giḋ adeirim gurab mé féin céad duine do ċoṁracfas leis i
mbáireaċ.”
“Beannaċt ort-sa,” ar Meaḋḃ d’a ċionn san, “agus is
fearr liom san ’ná time agus tarcuisne do ḋéanaṁ ḋuit
ort féin, óir is báḋaċ neaċ um a ṫír féin, agus cá córa do
Ċoin Ċulainn leas Ulaḋ do ḋéanaṁ ’ná duit-se leas
Ċonnaċt?”
Is annsoin do ċuir Meaḋḃ Feirdia ar ċaoi meisce agus
mearuiġṫe, agus do ġaiḃ briaṫar air i ḃfiaḋnaise ċáiċ fá
ċoṁrac le Coin Ċulainn; óir buḋ ṁaiṫ léi dá dtéiġeaḋ
Feirdia i n-a ċois sin fiaḋnaise do ḃeiṫ aici air ionnus go
mbeaḋ sé le ráḋ aici go mba uaṁain nó imeagla do ḃéarfaḋ
air dul i n-a ċois. Do ġaiḃ Feirdia ráiḋte curaḋ agus
urraḋa fá Ṁeiḋb um na cuṁṫa do ġeall do ċoṁall dó dá
dtuitfeaḋ Cú Ċulainn leis. Tug Meaḋḃ san dó go hullaṁ.
Annsoin do gaḃaḋ a eiċ d’Ḟearġus mac Róiġ agus do hinnleaḋ
a ċarbad dó, agus ṫáinig roiṁe mar a raiḃ Cú Ċulainn.
Fáiltiġios Cú Ċulainn roiṁe.
“Mo ċean duit, a Ḟearġuis,” ar sé.
“Do ba tairise liom an ḟáilte,” ar Fearġus; “agus is
uime ṫánag annso d’a ḟoillsiuġaḋ ḋuit-se an té ṫiocfas do
ċoṁrac leat i mbáireaċ.”
“Cluinim uait é,” ar Cú Ċulainn.
“Do ċara, do ċoiṁċéile, d’ḟear ċoiṁċleas agus do
ċoṁḋalta gaisce agus foġluma .i. Feirdia mac Duḃáin, an
míliḋ móḋṁaraċ mear-ċalma.”
“Dar mo ċúis,” ar Cú Ċulainn, “ní d’ḟaġáil caṫa ná
coṁraic is maiṫ liom-sa soin, agus ní ar eagla ná ar uaṁain
aċt ar ṁéid mo ġráḋa ḋó; agus is beag naċar ḃ’ḟearr
liom-sa mé féin do ṫuitim leis an laoċ soin ’ná eisean do
ṫuitim liom.”
“Ná habair-se naċ fuil uaṁain ort,” ar Fearġus, “óir is
cóir do neaċ eagla do ḃeiṫ air roiṁ Feirdia; óir atá crios
clár-ḋaingean caṫa uime agus noċa ngaḃann arm ná iolḟaoḃar
é le huair deaḃṫa ná diḃfeirge, óir is bruiṫ leoṁan, maḋm
díleann agus tonn báiḋte bíoḋḃaḋ é.”
“Ná habair sin, a Ḟearġuis,” ar Cú Ċulainn, “óir
luiġim-se fóm’ armaiḃ gaisce naċ buḋ luaiṫe bog-ṡuiḃinn ar
lár buinge biṫléime ioná gaċ alt de fó ḋeis mo ċlaiḋiṁ dá
dteangṁaḋ doṁ-sa i n-aenḟeaċt. Óir ní ġaḃainn bréid
|