34 RUḊRAIĠEAĊT
Cú Ċulainn:
Truaġ naċ mise folaḋ ’san áṫ
An tan do goineaḋ i n-antráṫ
Sul do muirḃfiḋe maille
Má’s tusa Aoinḟear Aoife.
An Macaoṁ:
Mairg nár aiṫin mé, a ḟir,
A Ċú Ċulainn mac Suḃaltaiġ,
An tan do ṫeilginn go ḃfonn
Na sleaġa i ndiaiḋ a n-urlann.
Muna mbeaḋ an gae niṁe
Nár ḃ’aiṫin dom riaṁ roiṁe
Ní muirḃfiḋe mé gan ḟeall
No go dtuitfeaḋ fir Éireann.
Mo ḋá ṡleiġ, a Ċonaill Ċaoiṁ,
Beir leat, agus taisc led’ ṫaoiḃ,
Agus mo ċlaiḋeaṁ go ngail
Taḃair do ṁac Ṡuḃaltaiġ.
Atá mo ċuraċ ’san tráiġ
Eirġeaḋ duine uait ’n-a dáil,
Beireaḋ cead ṫar muir mearḋa
Noċa dtréig a ṫiġearna.
Cloċtar liḃ-se an talaṁ te
Sonna ṫar compán Aoife,
Mair do ṁairḃ an dearg daṫa,
Truaġ do ġníoṁ, a ḋeaġ-aṫair.
“Truaġ san, an ṁacaoṁ,” ar Cú Ċulainn. “Is olc an
tráṫ do rinis do ṡloinne”; agus cuirios a ċlaiḋeaṁ i n-a
ṫruaill. D’eiriġ an macaoṁ i n-a ṡeasaṁ agus d’iarr
ar a aṫair a ġlacaḋ i n-a láiṁ ionnus go dtuitfeaḋ ar aġaiḋ
go naċ déarfaidís, fir Ulaḋ no aenneaċ eile, go mba meaṫ-
taċt no míolaoċas do ḃéaraḋ air tuitim iar gcúl.
“Do ġeoḃair an aisce sin,” ar Cú Ċulainn, “óir is aisce
fíorlaoiċ í.” Aċt do ḃí aṁras ar Ċoin Ċulainn naċ é a ṁac
féin do ḃí aige ann no gur ḟiafruiġ a ainm agus a ṡloinne
arís de. D’innis dó annsoin guraḃ é a aon ṁac le Aoife
inġean rioġ Gréag; agus do ġaiḃ Cú Ċulainn ag tuirse
|