OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN 29
“Airm Ċonċuḃar ṁic Ḟaċtna iad so,” ar Breicne, “.i.
árd-rí Ulaḋ.”
An uair d’innis Breicne ḋó gur fear dána é, aduḃairt
Conlaoċ: “Ní diongantar olc liom-sa le fear dána feasta,
agus déin imṫeaċt go luaṫ.”
Téid Breicne uaiḋ iarsoin, agus is aṁlaiḋ do ċonnarcadar
ċuċa é agus ḋá dtrian a ċuirp lom-noċtṫa.
“Créad ṫarrṫuiġ ṫú , a Ḃreicne?” ar siad, “no cia ṫug
an ċoṁarṫa ġeoine sin ar t’éadaċ?”
“B’ḟearr a ċol agus a ċontraċt,” ar Breicne, “an
macaoṁ mór-ġlonnaċ úd gus a dtárla; agus dá dtéiġdís fir
Ulaḋ uile ċuige ní ṫiocfaḋ aon duine ḋíoḃ uaiḋ gan coṁarṫa
geoine agus fonóṁaide air is mó ’ná a ḃfuil orm-sa.”
“Cia raċas uainn d’a agallaṁ súd anois?” ar Conċuḃar.
Aduḃradar uile gurab é Duḃṫaċ Daoldualaċ do ba ċóir
do ċur ann. Gluaisios Duḃṫaċ ann iarsoin, agus do
ḃeannuiġ do’n ṁacaoṁ. Beannuiġios an macaoṁ dó fá’n
gcuma gcéadna.
D’ḟiafruiġ Dubṫaċ a ainm agus a ṡloinne ḋe, agus do
ḋiúltaiġ an macaoṁ an niḋ sin. “Má’s eaḋ,” ar Duḃṫaċ,
“ní cóir duit geas Ulaḋ do breiseaḋ.”
Aduḃairt súd nár ḃuḋ miste leis a gcol agus naċar ċuala
geasa ná iomráḋ ar a ngaisce riaṁ roiṁe sin.
Aduḃairt Duḃṫaċ naċar ċóir dó-san oil ná aiṫis do ṫaḃairt
d’Ultaċaiḃ.
“Déin imṫeaċt,” ar an macaoṁ, “óir ní ḋiongnaim mo
ṡloinne ḋuit ná d’aon duine eile go bráṫ ar ḋruim talṁan,
giḋeaḋ má’s maiṫ least deaḃaiḋ do ġeoḃair uaim-se é iar
ndul cum do ṁuinntire ḋuit.”
“A ṁacaoiṁ,” ar Duḃṫaċ, “noċan do ḋeaḃaiḋ leat
ṫánga-sa do’n dul so aċt d’iarraiḋ do ṡloinne ort; agus,
ó naċ áil leat a ḋéanaṁ ḋom, déanfad imṫeaċ go beaċt;
agus má’s deaḃaiḋ do ḋéanfaiḋ Ulaiḋ leat do ḋéanfad-sa
im’ aonar leat é nó i measc ċáiċ, mo ċuid di.”
Iarsoin do ġluais Dubṫaċ uaiḋ d’ionsuiḋe an oireaċtais,
agus d’innis dóiḃ gaċ ar ċan an macaoṁ leis. Aduḃradar
san gur ċóir dóiḃ neaċ eile do ċur d’a agallaṁ.
“Raċaiḋ mise ann,” ar Geanán Gruaḋṡolas mac Caṫḃaid,
agus iarsoin ṫáinig roiṁe mar a raiḃ an macaoṁ, agus focṫas
a ṡloinne ḋe.
|