OILEAṀAIN ĊON CULAINN 21
dealg ’san mball a ḃfuilim im’ ṡeasaṁ ní ḃfaġaḋ oiread a
dtoirisfeaḋ im’ ḟarraḋ. Giḋ tá oil agus imḋeargaḋ ort
muna leigfiḋ tú an tsliġe ḋoṁ-sa.”
“Is beó duine d’éis anma, agus ní beó d’éis a oiniġ,” ar
Cú Ċulainn; “agus is í an tsliġe leigfead duit giḋeaḋ is
bás go ġeoḃad féin.”
Is annsoin d’iaḋaiġ Cú Ċulainn a ḋá ċois agus a ḋá ṡliasaid
agus a láṁa fá ḋruim an droiċid. Do ḃí an ċailleaċ ag teaċt
ṫairis, agus do ġaiḃ sí ag sosaḋ agus ag oirseaṁ go diab-
laiḋe diḃḟeirgeaċ ar altaiḃ a ċos agus a láṁ gur goineaḋ
agus gur gortuiġeaḋ Cú Ċulainn. Leis sin, do ling Cú Ċulainn
saoiḃ-léim eadar-ḃuasaċ go dtárla i n-a ṡeasaṁ ar ḋruim
an droiċid, agus ṫug béim ḃiṫ-neartṁar do’n ċailliġ gur
scar a ceann le n-a colainn. Dóiġ ní ḋearnaḋ agus ní
ḋéanfar a ṡaṁail de ḃéim; agus ag soin tuarasgaḃáil
droiċid na léime is na béime.
Annsoin do ċuaiḋ Cú Ċulainn d’ionsuiḋe an dúna i n-a
raiḃ Scaṫaċ, agus is aṁlaiḋ do ḃí Scaṫaċ an lá soin agus í
ag múineaḋ do na ridiríḃ ó Éirinn a ḃí aici leis an ré aimsire
a ḃí Cú Ċulainn ag foġluim ó Aoife ’san Ġréiġ Ṁóir ṡoir.
Is iad so ainmneaċa na n-óg-Éireannaċ a ḃí annsoin .i. Laoċ
mór mac Feiḃis de ṡíol Éiḃir Ḟinn, Feirdia ma Duḃáin .i.
laoċ d’uaisliḃ Connaċt, agus Naoise, Ardán agus Áinle,
Fraoċ mac Fioḋaiġ, Fearbaoṫ mac Sirḃeann, Fiaṁan mac
Foraiḋ, Luġaiḋ mac Fiornóis, agus Fearġus mac Róiġ.
Agus an lá do ḃíodar, na ridireaḋa soin ó Éirinn, ċum
imṫeacṫa aḃaile is eaḋ ṫáinig Cú Ċulainn do’n dún, agus do
ṫoirḃir siad do ṁilis-ṗógaiḃ é go díl agus go diaċraċ.
Iarsoin do ṡuiḋ Cú Ċulainn eadarṫa, agus d’ḟiafruiġ
scéala Éireann díoḃ, agus d’innseadar a scéala uile ḋó
ó ṫúis go deireaḋ agus ó ḟág seisean í go dtángadar féin
aisti. D’ḟanadar uile ag Scaṫaiġ leaṫ ar leiṫ ag déanaṁ a
ḃfoġlama, nó go raiḃ oiread cleas ag gaċ fear díoḃ is mar
ḃí ag Coin Ċulainn, aċt cleas an Ġai Bulga aṁáin. Agus
iar dteaċt do ċeann na bliaḋna soin do ṫiomnadar ceileaḃ-
raḋ do Scaṫaiġ agus ṫugadar luaċ a ḃfoġlama ḋi.
“Maiṫ, a rioġan,” ar Cú Ċulainn, “cóir doṁ-sa imṫeaċt
leo súd.”
“Noċa n-imṫeoċair,” ar Scaṫaċ, “no go ndíongnaiḋ
mise caradas agus coṁanotaḋ oraiḃ ionnus ná cuirfid fir
|