OILEAṀAIN ĊON CULAINN 11
agam-sa, óir is tualaing mise ar ċleasaiḃ do ṫaḃairt le
foġluim dó, agus mar an gcéadna is dóiġ eisean d’a
ḃfoġluim.”
Do rin siad aṁla soin, agus do ṫiomsadar tiomnaḋ agus
ceileaḃar d’a ċéile, agus ṫáinig Conall agus Laoġaire rómpa
go hÉirinn, agus fanas Cú Ċulainn i ḃfoċair na hinġine, agus
is é sin turas Ċonaill agus Laoġaire i nAlbain.
Dála Ċon Culainn d’oirisiḋ i ḃfoċair na hinġine go ceann
bliaḋna, agus lá n-aon i gcionn na bliaḋna d’eiriġ amaċ
d’imirt na glceas d’ḟoġluim leis an mbliaḋain sin. Agus
níor ċian do ḃí an tan do ċonnairc an t-aṫaċ aḋḃal-ṁór ag
teaċt láiṁ le imeallaiḃ an ḃaile d’a ionsuiḋe, agus ba ḋuiḃe
’ná gual gaḃan gaċ alt de ó ḃonn go baṫas. Is annsoin
d’ḟiafruiġ an t-aṫaċ de Ċoin Ċualainn: “Créad soin do
ġniḋ tú, a ḟir ḃig úd?" ar sé.
“Ġniḋim,” ar Cú Ċulainn, “mo ċleasa gaile agus gaisce
d’ḟoġluim.”
“Truaġ soin, a ṁacaoiṁ,” ar an t-aṫaċ. “Ná bí ag
saoṫruġaḋ leó san, óir an baile i n-a ḃfuilid cleasa na
ridireaċta d’a ríriḃ agus na foġlama bunaiḋ d’a ndéanaṁ ní
áirṁiġtear na cleasa san agat-sa d’a ndéanaṁ ann. Agus
noċa riaċt tusa ann go bráṫ.”
“Cioḋ ón, a ḟir ṁóir,” ar Cú Ċulainn. “An ḃfuil ’san
doṁan banġaisciḋeaċ is fearr ’ná an ḃanġaisciḋeaċ ag a
ḃfuilim-se ag déanaṁ foġlama?”
“Atá,” ar an t-aṫaċ, “ioġuin Scaṫaċ inġean rioġ na
Sceiṫia Móire atá i dtuaisceart an doṁain ṁóir ṡoir.”
“Ad ċualamair iomráḋ uirṫe,” ar Cú Ċulainn.
“Is dóiġ go gcualaḃair,” ar an t-aṫaċ.
“Is iomḋa críoċ forbaḋ fearainn uait-se go nuige
Sceiṫia. An dtuḃrai-se eólas dom ann, a ḟir ṁóir?" ar
Cú Ċulainn.
"Noċan dtiuḃar-sa eólas go bráṫ duit ann,” ar an
t-aṫaċ.
“Ort do ċol agus do ċontraċt,” ar Cú Ċulainn. “Is
i n-éagmuis do ṫoirḃirt agus d’eólais do rineas-sa riaṁ.”
Téid an t-aṫaċ uaiḋ iarsoin, agus do ċuaiḋ Cú Ċulainn
d’ionsuiḋe an dúna i n-a mbíoḋ a ngnáṫaṁ, agus do ḃí ann
an oiḋċe sin. Agus níor ṡáṁ leis a ṫoisc tré lúṫġáir a
nduḃairt an t-aṫaċ leis. D’eiriġ amaċ d’éadáil na maidne,
|