“ Táim ag dul ċun na farraige,” arsa
Seán. “ An dtiocfair liom ? ”
“ Tá obair le déanaṁ agam,” arsa an
ḃeaċ. “ Caiṫfead mil a ḃailiú do na beaċa
óga.”
D’imiġ Seán leis agus é ag canaḋ ḋó féin :
“ Hí ró hí,
Naċ breá an ní
A ḃeiṫ díoṁaoin,
Lá geal breá
Is an ġrian go hard.’’
Ḃí lon duḃ ag déanaṁ ceoil ar ċrann.
Seo é an port a ḃí aige:
“ A ḃuí le Dia.
A ḃuí le Dia.
Tá an lá go breá.
Tá an ġrian go hard.
A ḃuí le Dia.
A ḃuí le Dia.”
Stad Seán dá ṗort féin agus d’éist sé le
port an loin. Ṫáinig náire air. Ċas sé ṫar
n-ais agus fuair sé a ċuid leaḃar. Ċuaiġ
sé ar scoil agus é ag canaḋ ḋó féin :
“ Hí ró hí,
Ní ceart d’éinní
A ḃeiṫ díoṁaoin,
Lá geal breá
Is an ġrian go hard.’’
|