Lá breá saṁraiḋ a ḃí ann. Ḃí an ġrian
ag taitneaṁ. Ḃí an spéir gan scamall. Ḃí
a ċuid leaḃar ag Seán agus é ag dul ar
scoil.
“ Tá an lá go breá,” ar seisean leis féin.
“ Raġad ċun na farraige.’’
Ċaiṫ sé na leaḃair uaiḋ. D’imiġ sé leis
agus é ag canaḋ ḋó féin:
“ Hí ró hí,
Naċ breá an ní
A ḃeiṫ díoṁaoin,
Lá geal breá
Is an ġrian go hard.’’
Ċonaic sé éan ar ċrann.
“Táim ag dul ċun na farraige,’’ arsa
Seán. “ An dtiocfair liom ? ”
“ Tá obair le déanaṁ agam,” arsa an
t-éan. “ Caiṫfead gor a ḋéanaṁ ar mo
ċuid uḃ.’’
D’imiġ Seán leis agus é ag canaḋ ḋó féin :
“ Hí ró hí,
Naċ breá an ní
A ḃeiṫ díoṁaoin,
Lá geal breá
Is an ġrian go hard.”
Ċonaic sé beaċ ar ḃláṫ.
|