D’ḟág Oisín slán acu. Ċuaiġ sé féin agus
Niaṁ ar muin an ċapaill agus ṫugadar aġaiḋ
ar an ḃfarraige.
D’oscail an ḟarraige agus ḋein cosán
rompu amaċ. Ċonaic Oisín na tonntraċa
glasa ar gaċ taoḃ díoḃ, aċ do lean an capall
ar aġaiḋ go dtángadar go Tír na nÓg.
II
Nuair a ṫáinig Oisín go Tír na nÓg do
leaṫ na súile air nuair a ċonaic sé áilleaċt
na háite.
Ḃí féar glas ann agus an féar daite le
bláṫanna. Ḃí crainn arda ann agus iad
ag cromaḋ fé ṫorṫaí milse. Ḃí éin ag
déanaṁ ceoil ar ġéaga na gcrann. Ḃí an
ġrian ag taitneaṁ agus leoiṫne gaoiṫe ag
séideaḋ. Ḃí bolaḋ cuṁra ó na bláṫanna.
Ḃí crónán beaċ agus monabar sruṫán mar
a ḃeaḋ ceol san aer.
Ċuir Rí na nÓg fáilte roiṁ Oisín. Ṫug sé
é féin agus Niaṁ isteaċ ina ḋún. Pósaḋ
iad agus ḃí fleaḋ agus féasta acu ar feaḋ
deiċ lá agus deiċ n-oíċe.
Ċaiṫ Oisín agus Niaṁ trí ċéad blian i dTír
na nÓg, agus iad óg álainn i gcónaí. Ṫáinig
uaigneas ar Oisín ansan. D’iarr sé ar Niaṁ
an capall bán a ṫaḃairt dó.
|