I
Ḃí fear boċt ann fadó, agus é ag iarraiḋ
déirce. Ḃuail sé isteaċ i dtiġ mór. Ḃí
fiċe bó ḃainne ag bean an tí.
“Dia anso isteaċ,” arsa an fear boċt.
“Tá ocras agus tart orm. Taḃair ḋom
braon bainne, ar son an tSlánaiṫeora.”
“ Taḃair do ḃóṫar ort,” arsa bean an tí.
“ níl éinní agam le tabairt duit.”
D’imiġ an fear boċt leis. Ṫáinig sé go
tiġ beag ar ṫaoḃ an ḃóṫair. Ḃuail sé isteaċ.
“ Dia anso isteaċ,’’ ar seisean. “ Tá ocras
agus tart orm. Taḃair ḋom braon bainne,
ar son an tSlánaiṫeora.’’
“Níl aon ḃó agam,” arsa an ḃean ḃoċt,
“aċ fuaireas braon bainne ar maidin ó
ḋuine de na coṁarsain. Taḃarfad duit
é agus fáilte.”
D’ól an fear boċt an bainne. Ġaiḃ sé
buíoċas le bean an tí agus d’imiġ sé.
Amáraċ a ḃí ċugainn nuair d’éiriġ an
ḃean ḃoċt ḃí bó ag an ndoras. Ḃí an ḃó
ag géimniġ agus ḃí ḟios ag an mnaoi gur
ṁiṫid í ċrú. Fuair sí canna agus ċrúiġ sí
an ḃó.
|