Ḃí seanduine agus a ṁac ag dul ar an
aonaċ.
Ḃí asal acu. Ḃí an t-asal ag siúl go riġin
réiḋ dó féin agus an seanduine agus a ṁac
ag siúl lena ċois.
Ḃuail fear leo.
“ Is mór an náire ḋuit é ! ” arsa an fear
leis an seanduine. “ Tá an buaċaill boċt
san tuirseaċ. Ná ligfeá ḋó dul ag marc-
aíoċt ar an asal.”
“ Tá an ceart agat, a ḋuine uasail,” arsa
an seanduine agus ċuir sé an mac ar an
asal.
Ḃuail fear eile leo.
“ Is ait an scéal agaiḃ é,’’ arsa an fear,
“ an buaċaill óg ag marcaíoċt agus an
seanduine ag siúl !”
Ḃí náire ar an mac. Ṫáinig sé anuas agus
ċuir sé an seanduine ar an asal.
Ḃuail fear eile leo.
“ Níl aon ċiall agat, a ḃuaċaill,” arsa an
fear leis an mac. “ Cad ċuige ḋuit ḃeiṫ
ag siúl agus slí don ḃeirt agaiḃ ar an
asal ? ”
|