ná raġaḋ sé ar ais go dtí an pálás in aon ċor.
Níor ċuaiḋ sé amaċ ar an ḃfairrge arís 'na
ḋiaiḋ sin ar eagla go sciobfaḋ an ḃean
uasal é.
II
Lá dá raiḃ Cluasaċ ag iománaiḋeaċt cois
na fairrge leis na buaċaillí eile ḃuail sé an
sliotar le n-a ċamán agus ṫiomáin sé amaċ
ar an dtráiġ é. Do riṫ sé amaċ agus ċrom
sé ar an sliotar a ḃualaḋ ṫar n-ais ċun na
mbuaċaillí eile. Aċ leis sin ṫáinig tonn ṁór
agus sciob sí an sliotar uaiḋ.
Ṫáinig tonn eile agu ċlúduiġ sí Cluasaċ.
Do riṫ a ċompánaiġ ċuige. D'ḟág sé slán
aca mar ḃí ḟios aige go raiḃ sé ag dul go
tóin puill arís. Ġeall sé ḋóiḃ go gcuirfeaḋ
sé cóṁarṫa ċuċa gaċ bliaḋain. Ṫáinig an
cóṁarṫa gaċ bliaḋain ar feaḋ ceiṫre mbliaḋan
déag.
B'é an rud a ḃí ann ná fód móna agus é
leaṫ-dóiġte. Níor ṫáinig an ċóṁarṫa 'na
ḋiaiḋ sin. Ḃí a ḟios a ċompánaiġ annsan
go riaḃ dearṁad déanta ag Cluasaċ orṫa.
|