Ḋein fuiseog a nead i ngort arḃair tráṫ.
Nuair ṫáinig an fóġṁar d'éiriġ an t-arḃar
aibiḋ. Lá dá riaḃ an ḟuiseog amuiġ ag
soláṫar biḋ dá hál ṫáinig an feirmeoir agus
a ṁac.
"Tá an t-arḃar so aibiḋ," ars' an
feirmeoir, "beiḋ orainn é ḃaint i mbáraċ.
Imṫiġ leat agus iarr ar na coṁarsain teaċt
ag caḃrú linn."
Nuair ṫáinig an ḟuiseog aḃaile d'innis na
héin óga ḋi an rud a ċuala siad.
"Ní gáḋ ḋúinn imṫeaċt fós," ar sise.
D'imṫiġ sí ag soláṫar ḃiḋ an ċéad lá eile.
Ṫáinig an feirmeoir agus a ṁac aċ níor
ṫáinig na coṁarsain. Mar sin ní raiḃ siad
ábalta an t-arḃar a ḃaint.
"Imṫiġ anois," ars' an feirmeoir le n-a ṁac,
"agus iarr ar ár ngaolta teaċt ag caḃrú linn
i mbáraċ."
|