ḃualaḋ. Ṫóg sé cillín dó féin san áit agus
ċuir sé fé ann.
Ḃí sé 'na ṡuiḋe fé ċrann lá nuair ċonnaic
sé muc ḟiaḋain ag riṫ fé na ḋéin. Aċ ċoṁ
luaṫ agus ċonnaic an ṁuc eisean d'imṫiġ sí
léi arís.
"Fan," arsa Ciarán léi, "agus ná riṫ
uaim-se."
Ċas am ṁuc láiṫreaċ bonn agus ḃí sí uṁal
dó as san amaċ.
Ṫáinig ċuige leis madra ruaḋ, broc, faolċú,
agus eilit agus ḃí siad uṁal dó.
Ṫug Rí an ċeanntair paiste talṁan do
Ċiarán agus ṫóg sé mainistir ann. Ḃí cáil
ar an mainistir sin ar feaḋ i ḃfad.
|