Ċuaiḋ Aoḋ Ruaḋ agus a ċompánaiġ ar ḃórd
ċoṁ maiṫ le cáċ. Tugaḋ go leor fíona le n-ól
dóiḃ. Ḃí ceol agus siamsa aca, agus níor
ṁoṫuiġ siad an t-am ag sleaṁnú ṫart.
Fé ḋeire duḃradar gur ṁiṫid dóiḃ ḃeiṫ ag
imṫeaċt. Aċ mo léan ! Ḃíodar fé ġlas. Ní
raiḃ a gcuid claiḋeaṁ le feicsint. Ḃíodar
'na bpríosúnaiġ !
Nuair a ṫáinig an ṁaidean ní raiḃ Tír Conaill
ná Loċ Súiliġe le feicsint. Ḃí an long ar a
sliġe go Baile Áṫa Cliaṫ.
Nuair a ṡroiseadar Baile Áṫa Cliaṫ cuireaḋ
Aoḋ Ruaḋ agus a ċompánaiġ i bpríosún sa
ċaisleán.
Na Sasanaiġ a ḋein an droċ-gníoṁ so mar
ḃí ḟios aca go raiḃ gráḋ mór ag Aoḋ Ruaḋ
d'Éirinn.
|