Ḃí prionnsa óg i dTír Conaill Tráṫ. Aoḋ
Ruaḋ Ó Doṁnaill an ainm a ḃí air.
Lá dá raiḃ sé féin agus a ċompánaiġ ag
súgraḋ ar an dtráiġ ag Loċ Súiliġe
Ċonnacadar long ag teaċt isteaċ ó'n ḃfairrge.
B'ait an long í agus ḃí brat Ṡasana in áirde
uirṫi. Duḃairt an Captaen go riaḃ fíon le díol
aige. Ṫug sé cuireaḋ do sna daoine a ḃí ar an
dtráiġ dul ar ḃórd agus an fíon a ḃlaiseaḋ.
|